Aistriúchán go Gaeilge ar fáil ar ‘teanga’ Star Wars

Is í Aurebesh an teanga choitinn a labhraítí fadó fadó sa réaltra sin atá i bhfad i bhfad i gcéin…

Aistriúchán go Gaeilge ar fáil ar ‘teanga’ Star Wars

Starwars 1Screen Shot 2015-11-30 at 16.46.23

…nó ‘Dia duit’ mar a déarfaí an taobh seo de réaltra s’againne. Ní fada fada a chaithfidh muid fanacht anois sula mbeidh an seachtú scannán sa tsraith Star Wars (nach bhfuiltear ag tabhairt Episode VII air ar chúis éigin) sna pictiúrlanna ar fud an domhain. 

Is cosúil go bhfuil lucht Google chomh mór sin ar bís faoin scéal is atá an chuid eile againn a d’fhás aníos ag breathnú ar na ridirí Jedi agus Sith in adharca a chéile ar an scáileán mór.

Sea, tá a gcuid féin ag an ollchomhlacht idirlín ar son na bolscaireachta atá ar bun faoi gach a bhaineann le Star Wars agus ‘teanga’ eile curtha acu leis an inneall uathoibríoch aistriúcháin Google Translate – an Aurebesh (Áraibeis?). Is í Aurebesh an teanga choitinn a labhraítí fadó fadó sa réaltra sin atá i bhfad i bhfad i gcéin agus tá sí, ar ámharaí an tsaoil, an-chosúil leis an mBéarla.

Is féidir anois do rogha focal nó abairtí Gaeilge a chur isteach i Google Translate agus aistreofar láithreach go dtí an Aurebesh iad.

Screen Shot 2015-11-30 at 16.59.07

Chonacthas an den chéad uair sa chéad thriológ Star Wars a tháinig amach os cionn tríocha bliain ó shin. Ní raibh ciall ar bith leis na siombail an uair sin ach forbraíodh córas scríbhneoireachta don teanga sna nóchaidí.

Nuair a eisíodh na seanscannáin ar DVD sa bhliain 2004, athraíodh an Aurebesh a bhí le feiceáil iontu go mbeadh ciall léi. Tá sí le feiceáil sa dara triológ (Episode I-III) freisin.

Ba é Stephen Crane, údar agus maisitheoir a d’oibrigh ar leabhair Star Wars, a thug brí do na siombail sa bhliain 1994 agus a thug córas poncaíochta isteach sa bhliain 1996, ach dáiríre, níl i gceist leis mar theanga ach cód ar féidir a chur ar an mBéarla. Tugadh fuaim, atá le fáil i mBéarla, do na siombailí éagsúla agus mar sin is féidir an Béarla a scríobh bunaithe ar an Aurebesh.

320px-Star-Wars-aurek-besh-alphabet-chart.svg
‘Aibitír’ Aurebesh

Tá cúig cinn de chlófhoirne ag an Aurebesh a dearadh idir 1996 agus 2012 chun go bhféadfaí an ‘teanga’ a scríobh ar ríomhairí agus tá pobail ann ar líne a bhíonn ag scríobh teachtaireachtaí lena chéile inti.

Ní hé seo an chéad uair a chuaigh lucht Google ag spraoi le Star Wars i mbliana. Tuairim is seachtain ó shin bhí gliondar ar úsáideoirí Béarla an innill chuardaigh nuair a chonacthas dóibh dá scríobhfaí an líne cháiliúil ‘A long time ago, in a galaxy far, far away…‘ isteach ann go dtaispeánfaí toradh a gcuardach i gclófhoireann íocónach chéad radharc an scannáin – an seicheamh scrollaigh.

Is féidir freisin Taobh an Dolais nó Taobh an tSolais a roghnú do do chuntas Google agus athraítear an t-iliomad rudaí ar sheirbhísí Google: ó lightsabers in áit líne seinnte ar YouTube go dtí an Millenium Falcon in áit an deibhlín duine ar Google Maps.

Fág freagra ar 'Aistriúchán go Gaeilge ar fáil ar ‘teanga’ Star Wars'

  • Emma

    Pictiúir thar a bheith gleoite! Beidh an-díomá orm má tá Google Translate níos cruinne in Aurebesh ná mar a bhíonn i nGaeilge…