Aistritheoirí óga á lorg ag an Aontas Eorpach chun iad a mhealladh i dtreo na gairme

Is é Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, a sheol an comórtas ‘Aistritheoirí Óga’ agus thagair sé do na deiseanna fostaíochtaí a bheadh ann do Ghaeilgeoirí san AE agus athrú le teacht ar stádas na Gaeilge ansin an bhliain seo chugainn

Aistritheoirí óga á lorg ag an Aontas Eorpach chun iad a mhealladh i dtreo na gairme

Tá aistritheoirí óga á lorg ag an Aontas Eorpach agus babhta nua de chomórtas aistriúcháin Gaeilge seolta chun daltaí meánscoile a mhealladh i dtreo na gairme.

Is é seo an cúigiú comórtas ‘Aistritheoirí Óga’ agus tá cuireadh tugtha do dhaltaí meánscoile ar fud na hÉireann cur isteach ar an gcomórtas “chun blaiseadh a fháil de na dúshláin a bhíonn roimh aistritheoirí gairmiúla in institiúidí an Aontais Eorpaigh”.

Is é Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, a sheol an comórtas agus thagair sé do na deiseanna fostaíochtaí a bheadh ann do Ghaeilgeoirí san AE agus athrú le teacht ar stádas na Gaeilge ansin an bhliain seo chugainn.

“Tá obair mhór déanta ag an Rialtas, i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, le sé bliana anuas chun deireadh a chur leis an maolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais.

“Bainfear an cuspóir sin amach ag deireadh na bliana seo agus mar thoradh air sin, beidh deiseanna fostaíochta a bhaineann le cúrsaí teanga á gcruthú do Ghaeilgeoirí óga ar bhonn leanúnach.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh “ról tábhachtach” ag an gcomórtas le “daoine óga a spreagadh chun a bheith ag obair san earnáil aistriúcháin nuair a bheidh an t-oideachas críochnaithe acu”.

Dúirt Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach go gcuireann an comórtas deis ar fáil do dhaltaí “tuiscint a fháil ar ghairm an aistritheora in institiúidí an Aontais”.

Mhol Hade do dhaltaí meánscoile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu “leas a bhaint as na teangacha atá foghlamtha acu” agus “blaiseadh a fháil de na cruacheisteanna teanga a bhíonn le réiteach ag aistritheoirí gairmiúla Gaeilge in institiúidí an Aontais gach lá”.

Is iad an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann a eagraíonn an comórtas Aistritheoirí Óga. Tá sé ar oscailt do dhaltaí os cionn 15 bliain ar fud na hÉireann.

Sé chatagóir atá sa chomórtas: an t-aistriúchán is fearr ó Bhéarla go Gaeilge i ngach cúige, an t-aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann agus an t-aistriúchán is fearr go Gaeilge ó theanga seachas an Béarla.

Scoileanna ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas, ní mór dóibh clárú faoin 19 Eanáir 2022 trí ríomhphost a sheoladh chuig DGT-GA-AISTRITHEOIRI-OGA@ec.europa.eu.

Is í Maitilde Warsop, dalta i gColáiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, a bhuaigh an duais mhór in 2021.

Fág freagra ar 'Aistritheoirí óga á lorg ag an Aontas Eorpach chun iad a mhealladh i dtreo na gairme'