‘Aistritheoirí gairmiúla’ a d’aistrigh ‘superb views’ go ‘tuairimi superb’ ar léarscáil turasóireachta an OPW

Tá sé séanta ag an OPW gur úsáideadh ríomhchlár uathoibríoch aistriúcháín chun Gaeilge a chur ar bhileog eolais faoi shéadchomharthaí na hÉireann

OPW 2

Tá sé ráite ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur “baineadh feidhm as seirbhís creidiúnaithe ghairmiúil” chun Gaeilge a chur ar bhileog turasóireachta dá cuid ina n-aistrítear ‘superb views (radharcanna  áille) go ‘tuairimi superb’.

Is éard atá sa bhileog eolais ná an léarscáil oifigiúil a chuireann an OPW ar fáil do thurasóirí le taispeáint dóibh cá bhfuil na láithreáin oidhreachta is tábhachtaí atá faoi chúram na hOifige. 97 laithreán ar fad atá i gceist, ó Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall go Daingean Shéarlais i gCorcaigh, agus cur síos beag déanta ar gach aon cheann acu i nGaeilge.

Cé go bhfuil an t-aistriúchán Gaeilge réasúnta slán i gcás cuid de na giotaí eolais, tá aistriúchán liobarnach déanta ar ghiotaí eile.

OPW3Áirítear i measc na séadchomharthaí Caisleán Bhaile Átha an Rí, a deirtear an méid seo faoi.

Ar ais 13ú trí stór, Normannach Coinnigh. Tá an taobh istigh carvings cloch uathúil an tréimhse.”;

Deirtear faoin nGrianán Aileach i “Burt Co Dhun Na Ngal”;

“A cloch – togtha – an fineail bharr cnoic dun no caiseal ata suite 800 troigh os cionn leibheal na farraige ar Greenan Mountain gceannas tuairimi superb an Fheabhail, Loch Suili, agus an tuath maguaird.”;

Agus Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath;

“HEireann fearr aithne phairc phoibli Victeoiriach, ta an phairc acra 22 coinnithe sa leagan amach Victeoiriach bunaidh”

Dúirt urlabhraí Oifig na nOibreacha Poiblí le Tuairisc.ie go mbíodh úsáid á baint ag an Oifig as ríomhchláir aistriúcháin éagsúla san am a chuaigh thart ach go bhfuil deireadh curtha leis an nós sin anois agus gur aistritheoirí gairmiúla a rinne na samplaí atá tugtha thuas.

“Cé gur dóichí gur baineadh feidhm as ríomhchláir aistriúcháin éagsúla ó am go chéile roimhe seo, faoi láthair baineann an Rannóg Seirbhísí do Chuairteoirí feidhm as seirbhís chreidiúnaithe ghairmiúil aistriúcháin maidir le doiciméid a aistriú agus leanfar leis an nós seo” a dúirt an t-urlabhraí.

Cuireadh an bhileog chiotach i gcló i mí Mhárta na bliana seo. Tugadh le fios gur “earráid i léamh na bprofaí” a tharla i gcás na bileoige sin ach dúradh go rabhthas ag súil “nach dtarlódh sé arís feasta”.

Tá leagan leasaithe (athruithe ar dhátaí agus amanna oscailte) den bhileog Bhéarla ag na clódóirí faoi láthair agus táthar ag súil leis an gcéad phrofa de sin go luath. Pléifear leis an tseirbhís ghairmiúil aistriúcháin chun na leasuithe sin a chur i bhfeidhm ar leaganacha Gaeilge, Fraincise agus Gearmáinise den bhileog.

Anuas ar an drochaistriúchán Gaeilge bhí ruainne beag Fraincise le léamh ar chlúdach na bileoige. Tugadh le fios gur earráid le linn léamh na bprofaí a bhí ansin freisin.

Cuireadh 1,000 cóip den bhileog ar fáil i nGaeilge agus chosain sé €1,400 ar an Oifig an leagan Gaeilge a chur le chéile agus a chur i gcló.

Fág freagra ar '‘Aistritheoirí gairmiúla’ a d’aistrigh ‘superb views’ go ‘tuairimi superb’ ar léarscáil turasóireachta an OPW'

  • philip

    Níl an Fhraincis thar mholadh beirte ach oiread. Ní deirtear ‘sur’ sa chás sin i bhFraincis.

  • James Pelow

    An té nach n-íocann daoine go maith, ní fhaigheann sé daoine maithe…

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tuilleadh airgead curtha amú…

  • alan

    ‘Tá sé ráite ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur “baineadh feidhm as seirbhís creidiúnaithe ghairmiúil” chun Gaeilge a chur ar bhileog turasóireachta dá cuid ina n-aistrítear ‘superb views’ (radharcanna áille) go ‘tuairimi superb’.’
    Cén tseirbhís?

  • Niall

    Ainmnigh an seirbhís aistriucháin atá freagrach as an slad seo ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. Ní mór amadáin mar seo a náiriú.