Aistritheoirí Gaeilge á lorg ag an Church of Scientology

Scríobh an eaglais chonspóideach chuig roinnt aistritheoirí Gaeilge le deireanas ag rá go bhfuil ábhar oiliúna agus eolais a bhíonn acu le cur ar fáil i nGaeilge

Aistritheoirí Gaeilge á lorg ag an Church of Scientology

Tá Eaglais na hEoleolaíochta ag cuardach aistritheoirí le hábhar oiliúna agus eolais a bhíonn aici a chur i nGaeilge.

Scríobh an eaglais chonspóideach chuig roinnt aistritheoirí Gaeilge le deireanas agus iad ag cuardach duine a bheadh “cáilithe leis an aistriúchán a dhéanamh agus spéis aige ann” le hábhar a bhaineann leis na cláir éagsúla.

“In addition to the many languages we already provide we will also now be making our materials available in Gaelic and thus we are looking for qualified and interested translators,” a dúradh sa chomhfhreagras ón gcomhlacht Golden Era Productions, fochomhlacht de chuid na hEaglaise.

Tugadh le fios gur theastaigh aistritheoirí Gaeilge le haistriúchán a dhéanamh ar “cláir chearta an duine, ábhar don Fhoras do Dhomhan Saor ó Dhrugaí agus roinnt clár eile a fheabhsódh an tsochaí”.

Anuas air sin, tá an t-ábhar físe agus fuaime don oiliúint agus eolas a chruthaíonn an Eaglais “do lucht a leanta ar fud an domhain” le cur i nGaeilge.

Dúradh freisin go raibh “na céadta” físeán agus ábhar scríofa eile le cur i nGaeilge.

Rinneadh iarracht “an dallamullóg” a chur ar aistritheoirí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite nuair a thoiligh siad “trí thimpiste” obair aistriúcháin a dhéanamh don eagraíocht.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 go raibh ‘díomá’ ar aistritheoirí Gaeilge a mheas gur cuireadh dallamullóg orthu le fógra ar líne maidir le hobair aistriúcháin do ‘chumann carthanachta’.

Níor luadh ar an bhfógra gur sleachta as saothar le L. Ron Hubbard, bunaitheoir an Church of Scientology, a bhí i gceist leis an obair a bhí luaite san fhógra, a scaip duine de bhaill an ghrúpa Facebook ‘Gaeilge amháin’.

Dúirt Amy Ní Cholgáin, as Leitir Ceanainn, an té a scaip an fógra ar ‘Gaeilge Amháin’, nár thuig sí go raibh ceangal aige leis an Church of Scientology, ach gur tháinig amhras uirthi féin faoin scéal nuair a chrom sí ar aistriúchán a dhéanamh ar an mBéarla “aisteach” sa triailaistriúchán a ghabh leis an bhfógra.

Chuaigh baill eile den ghrúpa Facebook i dteagmháil le Ní Cholgáin ag rá go gcabhróidís léi leis an togra aistriúcháin a bhí idir lámha aici, ach tháinig amhras ar bhall amháin den ghrúpa Facebook faoi ghnéithe den obair a bhí á fógairt.

Nuair a rinne an té sin an scéal a fhiosrú, tháinig sé ar abairt amháin a chuir alltacht air:

‘The drug scene is planetwide and swimming in blood and human misery…And children of drug-taking mothers are born as druggies.’

Nuair a rinne sé cuardach ar an abairt sin, fuair an té a bhí in amhras faoin bhfógra amach gur bhain sé le Narconon, eagraíocht a dhéanann bolscaireacht ar theoiricí conspóideacha L. Ron Hubbard faoi mhí-úsáid drugaí.

Fág freagra ar 'Aistritheoirí Gaeilge á lorg ag an Church of Scientology'

  • Áine

    An raibh na Scientologists le híoc as an aistriúchán an uair seo?

  • iarla Mac Aodha Bhuí

    Ríomhphost agam uathu seachtain ó ag iarraidh aistriúcháin go ‘gaelic’. $5,000 an focal, le teachtaireacht na ngealta achrannacha aistriú? Má dhíolann duine a anam leis an diabhal is ceart luach ard a chur air…..