Aistritheoirí faighte chun Gaeilge a chur ar ábhar oideachais atá ar fáil in 11 teanga eile

Léiríodh míshásamh an tseachtain seo caite faoin scéal nár foilsíodh i nGaeilge acmhainní oideachais do scoileanna sa Tuaisceart, acmhainní a foilsíodh in 11 teanga eile

Aistritheoirí faighte chun Gaeilge a chur ar ábhar oideachais atá ar fáil in 11 teanga eile

Tá aistritheoirí faighte ag an Údarás Oideachais sa Tuaisceart an tseachtain seo le hábhar oideachais nár cuireadh ar fáil i nGaeilge a aistriú.

Léiríodh míshásamh an tseachtain seo caite faoin scéal nár foilsíodh i nGaeilge acmhainní oideachais do scoileanna an Tuaiscirt, acmhainní a foilsíodh in aon teanga dhéag, ina measc Araibis, Sorani agus Slóvaicis. 

Chuaigh rannán na n-acmhainní daonna san Údarás Oideachais i dteagmháil le haistritheoirí Gaeilge go deireanach san oíche Dé Céadaoin ag lorg aistritheoirí a bheadh sásta “ocht gcáipéis ar leith” a bhaineann le hacmhainní oideachais a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Tá idir cháipéisí gairide, chomh beag le dhá leathanach, agus cháipéisí fada, chomh mór le fiche leathanach, i gceist agus tá súil ag an Údarás Oideachais go mbeidh an t-ábhar Gaeilge ar fáil i gceann coicíse. 

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil aistritheoirí Gaeilge faighte anois ag an Údarás Oideachais.

Dúradh freisin go mb’fhéidir go mbeadh tuilleadh aistriúcháin le déanamh sna seachtainí amach romhainn. 

An tseachtain seo caite, foilsíodh na hacmhainní oideachais, a bhfuil treoir sláinte agus eolas faoi aipeanna agus suíomhanna oideachais le fáil iontu, i bPolainnis, Rómáinis, Araibis, Slóvaicis, Laitvis, Ungáiris, Bulgáiris, Liotuáinis, Portaingéilis, Sorani agus Tetum Thíomór.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge gur “cúis díomá ollmhór” é go ndearnadh neamhaird ar dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí acu.

“Is cúis díomá ollmhór é nach raibh an Ghaeilge i measc an réimse teangacha ar cuireadh na hacmhainní a chuir an tÚdarás Oideachais ar fáil do dhaoine óga sa tuaisceart ar fáil iontu. Is léiriú eile é ar an imeallú agus neamart stairiúil atá á ndéanamh ag an Údarás Oideachais ar dhaltaí Gaelscoile ó thuaidh.

“Má thagann na caighdeáin teanga isteach leis an reachtaíocht Ghaeilge, ba cheart go mbeadh creatlach iontach soiléir ann do dhreamanna ar nós an Údaráis Oideachais le gur féidir leo freastal i gceart ar dhaltaí Gaelscoile,” ar sé.

Fág freagra ar 'Aistritheoirí faighte chun Gaeilge a chur ar ábhar oideachais atá ar fáil in 11 teanga eile'

  • Seán Fennell

    Caithfidh na haistritheoirí G bheith cinnte go bhfuil an obair dírithe ar pháistí atá ag foghlaim sa dara teanga don chuid is mó sna gaelscoileanna. Más lom aistriúchan ar áiseanna Bhéarla, beidh caighdeán na léitheoireachta ro- ard go háirithe do pháistí nach bhfuil tacaíocht sa bhaile acu sa sprioctheanga! Sampla gasta a thug cara liom domh agus iad ag aistriú ó B go G do R2 (aois 6) Life of an Ant…..Saolré an tSeangáin…
    beagán níos deacra!