Aisteoirí nua faighte don ‘Joe Show’ agus scéalta eile na deireadh seachtaine

Dul chun cinn á dhéanamh sna babhtaí cáilithe, aisteoirí nua faighte don ‘Joe Show’ agus na scéalta eile ó chluichí na deireadh seachtaine

Ciaran Fitzpatrick le Michael Shields. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Ciaran Fitzpatrick le Michael Shields. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cruthaíonn Cill Dara agus Fear Manach gur féidir leas a bhaint as na babhtaí cáilithe

go leor daoine den tuairim má foirne ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh, go bhfuil orthu, ar a laghad, cluiche ceannais a gcúige a bhaint amach. Is í an chúis leis an dearcadh sin seo ná go meastar go mbíonn an iomarca dua ag baint leis na babhtaí cáilithe.

Idir ar 28 Meitheamh agus 11 Iúil, bhí peileadóirí Chill Dara in aicsean trí dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile. go raibh seachtain bhreise de shos ag Fear Manach, bhí siad beagnach chomh gnóthach céanna. Nuair a chailleann foirne i mBabhta 3 agus 4, deirtear go minic go raibh an iomarca cluichí le n-imirt acu, ach níl an scéal baileach chomh simplí sin mar atá cruthaithe ag buaiteoirí an tSathairn.

Anois, bhí mí-ádh ar Chorcaigh go raibh athimirt acu i gcoinne Chiarraí agus nach raibh briseadh ceart acu, ach léirigh Cill Dara agus Fear Manach an misneach agus an spreagadh a thugann cúpla bua as a chéile d’fhoireann.

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Quarter-Final, Semple Stadium, Thurles, Tipperary 26/7/2015 Cork vs Galway Cork's Aidan Walsh reacts to being sent off for a second yellow card Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Aidan Walsh. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Drochdheireadh seachtaine do Chorcaigh

Den chéad uair ó 1998, níl Páirc an Chrócaigh sroichte ag iománaithe ná peileadóirí Chorcaí sa chraobh, iad díbeartha ón dá craobh ar an bpáirc chéanna ar an deireadh seachtaine céanna. Is é an rud is díomáiche faoi na chluichí an lagiarracht a rinne imreoirí an chontae sa dá choimhlint, rud a chuireadh níos mó déistine ar lucht leanúna mórtasacha Chorcaí mar a chuir na torthaí iad féin.

Tar éis do na peileadóirí taispeántas láidir a thabhairt i gcluiche ceannais na Mumhan a chríochnaigh ar comhscór, níor léirigh siad an t-ocras ná an díograis chéanna sa dá chluiche ó shin agus thug siad cead a gcinn d’imreoirí Chill Dara Dé Sathairn.

Ba é an scéal céanna é ag iománaithe Chorcaí inné. Chuir Gaillimh níos mó iarrachtaí amú mar a scóráil Corcaigh san iomlán ach níor gearradh pionós ar bith ar na Gaillimhigh as a sleamchúisí is a bhí siad ag tabhairt faoi scóranna. Léiríonn na staitisticí gur thug na Gaillimhigh breis agus 50 iarracht scór agus forlámhas iomlán acu ar a gcéilí comhraic. Ní bheadh mórán iontais orm dá bhfeicfimis beirt nua i bhfeighil ar fhoirne sinsear Chorcaí i 2016.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Aisteoirí nua faighte don ‘Joe Show’ i nGaillimh

Ocht gcinn d’iarrachtaí a chuir Joe Canning amú i Staid Semple inné, ceann níos mó an méid a chuir foireann Chorcaí uile ar fóraoil. Tá freagra Johnny Glynn ar an gcaint nach raibh ach tosaí amháin ag na Gaillimhigh cloiste againn uile anois, ach bhí beart de réir a bhriathair déanta aige ar pháirc na himeartha faoin am a thug sé an t-agallamh úd.

Agus Canning chomh holc sin agus go raibh an baol ann go dtógfaí amach é, léirigh na fir eile timpeall air an mianach a bhí iontu. Fiú sula raibh deireadh tagtha leis an gcéad leath, bhí scóranna aimsithe ag gach ceann de thosaithe na Gaillimhe ón imirt, an fear óg a bhí ag imirt a chéad chluiche, Conor Whelan, ina measc. Den 2-28 a d’aimsigh siad, ní raibh ach trí phointe nár tháinig ón imirt.

Agus gan Canning i mbarr a mhaitheasa, ghlac Cathal Mannion níos mó freagrachta air féin agus chríochnaigh sé le 0-7 ach bhí cuma an fhathaigh ar Glynn ó thús deireadh. Thug triúr leathchúlaithe éagsúla ó Chorcagh seal á mharcáil ach rinne sé scrios orthu uile san aer agus ar an talamh. Bhí sa chomh héifeachtach céanna sa chéad leath i gcoinne Thiobraid Árann anuraidh, agus beidh air a bheith chomh maith céanna arís, má tá an Ghaillimh chun na Tiobradaigh a chloí sa chéad bhabhta eile.

Jamie Barron. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Jamie Barron. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Filleann Port Láirge ar an ‘dúchas’ chun Baile Átha Cliath a shárú

I ndiaidh na cainte uile faoi chóras imeartha Phort Láirge i mbliana, chuir siad iontas ar go leor daoine sa chéad leath i Staid Semple inné agus iad nach mór ag imirt ar an ‘sean-stíl’. Bhí leithéidí Thadhg de Búrca ag marcáil Ryan O’Dwyer, seachas é a bheith ag clúdach spáis mar is ghnáth níor oibrigh an plean sa chéad 35 nóiméad mar tugadh an iomarca spáis do tosaithe Bhaile Átha Cliath. Farrasbarr d’aon phointe amháin a bhí ag Baile Átha Cliath ag leath ama, 0-13 in aghaidh 0-12. D’admhaigh Austin Gleeson nach raibh sé in ann dul i bhfeidhm ar an imirt sa chéad leath ach nuair a d’fhill siad ar na taicticí a d’oibrigh dóibh go dtí seo i mbliana, d’athraigh Derek McGrath agus Port Láirge treo an chluiche.

Ní raibh an tsaoirse chéanna ag imreoirí ar nós Dotsy O’Callaghan sa dara leath agus bhreathnaigh imreoirí na nDéise i bhfad níos compordaí ná mar a bhí. Bhí siad níos stuama i mbun na seilbhe ná a bhí siad sa chéad leath chomh maith agus ba é an toradh a bhí ar an athrú poirt ná  cúil Shane Bennett agus Maurice Shanahan.

Fág freagra ar 'Aisteoirí nua faighte don ‘Joe Show’ agus scéalta eile na deireadh seachtaine'