I 1963 a léiríodh Lá Fhéile Michíl den chéad uair agus léargas grinn ann ar an scoilt a chruthaigh an cogadh cathartha 1922-1923 i measc an phobail sa tír agus an t-aighneas agus an ghangaid a d’eascair as. Is tráthúil an dráma seo a bheith ar stáitse arís agus comóradh céad bliain á dhéanamh ar chogadh na saoirse.
An paisean ag fiuchadh in aghaidh údarás na hinstitiúide, an mhian ag coimhlint leis an dualgas agus an t-aicsean sin uilig suite i gclós clochair téama an dráma.
De bhunadh na Fraince an bhean rialta atá i mbun an chlochair seo agus is maith a thuigeann sí spiorad na réabhlóide agus cúrsaí cogaíochta.

Agus an fhuil sách coipthe ag cúrsaí polaitíochta nach mairg a thiocfadh idir óglach poblachtach agus oifigeach in arm an tsaorstáit.
Meas tú cé acu ‘Deireadh dearg nó athmhuintearas síochánta an toradh’?
Gheofar freagra más féidir i gColáiste Chonnacht an deireadh seachtaine seo. Beidh Lá Fhéile Michíl ag tosú ag a 8.00pm anocht agus beidh sé ar siúl oíche amárach agus Dé Domhnaigh chomh maith.
James
Is mór an trua é nach bhfuil áit ar leith sa nuachtán idirlín seo a thaispeánann cá mbíonn na himeachtaithe Gaelacha ar fud na tíre ag seachtain.
Sibéal
Nach mbeadh sé go maith a bheith in ann freastal ar ócáidí Ghaeilge toisc clár fógraí a bheith idTuairisc le muid a choinneáil ar an eolas. Go ró-mhinic caillim ócáidí Ghaeilge ach feicim gailearaí lán grianghrafanna i dTuairisc faoi na hócáidí a chaill mé.
Clár fógraí le buneolas (am, áit, teideal na hócáide) faoi ócáidí Ghaeilge ag teastáil.
Máire
Nach aisteach go bhfuil sé chomh deacair i saol seo na teicneolaíochta a bheith ar an eolas faoi imeachtaí mar seo (sula dtarlaíonn siad!)
Tuairisg
Teip. Leathuair deireanach ag tosaigh aréir agus línte ag dul i ndearmad ar chuid de na haisteoirí.
Áine
Beidh an dráma seo ar siúl arís an Aoine & Satharn seo (15&16 Márta) sa Taibhdhearc i nGaillimh