Aistear rothair 3,000 míle déanta ag fear Gaeltachta ar mhaithe le ciste an Donal Walsh Live

‘Táim traochta ach ana-ana mhórálach’ a deir Tomás Mac an Saoir ón mBuailtín a chuaigh i mbun rothaíochta ó chósta an Aigéin Chiúin go cósta an Atlantaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Bad pic

Aistear 3,000 éigin míle déanta trasna Stáit Aontaithe Mheiriceá ag Tomás Mac an tSaoir ar a rothar ar mhaithe le ciste an Donal Walsh Live Life Foundation.

‘Táim traochta ach ana-ana mhórálach’.

Sin é mar a mhothaigh an gile mear ón mBuailtín, Tomás Mac a’ tSaoir, in éis dó aistear 3,000 éigin míle a dhéanamh trasna dheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá ar a rothar. Chuir sé an méid sin in iúl ar a leathanach Facebook, díreach in éis dó a aistear a chríochnú.

Do thosnaigh sé an t-aistear éachtach seo tamall de sheachtainí ó shin i San Diego na gréine i gCalifornia agus chríochnaigh sé timpeall 6.00 pm inné i St. Augustine, i Florida. Seachas roinnt stoirmeacha láidre a chuir moill cúpla lá air, níor tharla aon eachtra eile don ghaiscíoch óg seo agus é i mbun rothaíochta ó chósta an Aigéin Chiúin go cósta an Atlantaigh.

Is ar mhaithe le ciste an Donal Walsh Live Life Foundation a thug Mac An tSaoir an t-aistear air féin agus tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh suas le €5,000 bailithe aige de bharr a ghaisce.

Mac é Tomás le Lulu agus Diarmuid Mac An tSaoir, a bhfuil tábhairne acu ar an mBuailtín.

Tá súil abhaile ar an mBuailtín le Tomás maidin Dé Céadaoin agus is cinnte go bhfuil tinte cnámh tuillte aige.

Ar dhuine de na chéad daoine a rinne comhghairdeas le Tomás, bhí Finbarr Walsh, athair Dhónail Walsh, a bhí tráth ina bhainisteoir ar Óstán Smervick Harbour.

Fág freagra ar 'Aistear rothair 3,000 míle déanta ag fear Gaeltachta ar mhaithe le ciste an Donal Walsh Live'

  • Pól Ó Braoin

    Nach breá é deáscéala mar sin a léamh! An-éacht ar fad a Thomáis, comhghairdeachas ó chroí leat!
    Bíodh Nollaig mhór mhaith agat féin agus ag do mhuintir ó dheas!