Anocht sa Taibhdhearc i nGaillimh beidh deis ag daoine cuairt a thabhairt ar an domhan eile i dteannta laochra an tseanchais agus ceol agus filíocht ár dtionlacan ann agus as.
Sa saothar nua seo le Neil Ó Lochlainn, Emain Ablach, tarraingíonn an ceoltóir as miotais agus scéalta sí na luathscríbhneoireachta Gaeilge agus cuireann inár láthair as an nua iad le ceol is filíocht.
Tá meitheal ceoltóirí bailithe le chéile ag Ó Lochlainn chun an t-ábhar draíochtach a chur inár láthair le snagcheol, ceol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha. Fite fuaite tríd an gceol beidh dánta as cnuasach nua filíochta le hAifric Mac Aodha agus í á haithris dúinn ag Billy Mag Fhloinn.
Cuirfear tús leis an aistear sí ag a 8.00pm.
Fág freagra ar 'Aistear miotasach ceoil agus filíochta go domhan na sí sa Taibhdhearc'