Aislingí á milleadh: Mise agus athrú aeráid: (2)

Tá an éagothromaíocht idir tíortha saibhre agus tíortha atá ag forbairt ar cheann de na driseacha cosáin is mó sa troid i gcoinne thruailliú na timpeallachta. Seo an dara cuid de shraith dhá cholún

Trafficjamdelhi

Teastaíonn carr ó mo leathbhádóir. Níl aon ghá praiticiúil leis; tá bus rialta idir a árasán agus a ionad oibre, thógfadh an turas níos faide i gcarr de bharr an tsíorthranglaim thráchta agus chaithfeadh sé slám airgid ar bhreosla, ar árachas agus ar chothabháil.

Nuair a deirim sin leis, ‘Carr de mo chuid féin an aisling is mó atá agam’ an freagra a thugann sé orm.

‘Beidh tú ag truailliú na timpeallachta agus ag téamh na cruinne,’ a deirim leis. ‘Bíodh grá agat don domhan!’

‘Céard a rinne an domhan riamh domsa?’ an freagra air sin.

Agus leis sin, táimid tagtha chuig an dris chosáin is mó sa troid i gcoinne athrú aeráide: an éagothromaíocht idir an domhan forbartha agus an chuid sin den domhan atá fós ag forbairt.

Tarlaíonn go bhfuil cónaí orm i dtír atá fós ag forbairt – an Bhrasaíl – agus go mbaineann mo leathbhadóir leis an aicme sa tír sin is mó atá ag déanamh dul chun cinn: daoine a d’fhás aníos beo bocht ach atá anois san (íseal)mheánaicme, a bhuíochas le polasaithe sóisialta agus fás na heacnamaíochta.

Carr de do chuid féin an sméar mhullaigh ar an bhforbairt shocheacnamaíoch sin.

Cé mise, fear a d’fhás aníos sa domhan forbartha agus a raibh deis aige aisling an chairr a fhíorú ag am nuair nach raibh comharthaí athrú na haeráide le feiceáil go soiléir fós, le hinsint do mo leathbhadóir a d’fhás aníos beo bocht, nach mbeidh an deis sin aigesean toisc gur chothaigh mo leithéidí barraíocht astúchán CO2 cheana féin?

Sin é go deimhin atá á rá, ar scála i bhfad níos mó, ag an domhan forbartha leis an gcuid sin den domhan atá fós ag forbairt.

Ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil an dearcadh forleathan, sa chuid sin den domhan atá fós ag forbairt, gur cleas atá san athrú aeráide chun athchóilíniú a dhéanamh ar an gcuid sin den domhan ar ar tugadh ‘an tríú domhan’ tráth.

‘Ceann droichid an impiriúlachais’ a bhaist Aire Eolaíochta na Brasaíle, Aldo Rebelo, ball de pháirtí cumannach na tíre sin, ar ‘ghluaiseacht idirnáisiúnta na timpeallachta’ anuraidh.

Fírinne shearbh an scéil, ar ndóigh, ná nach ndéanann an t-athrú aeráide féin aon dealú idir an dream a thruailligh go leor san am atá thart agus atá anois ag iarraidh an pláinéad a shábháil agus an dream nár thruailligh mórán ar feadh na gcéadta bliain ach atá ag truailliú anois agus an deis acu breith suas leis an gcéad dream.

Caithfear an pláinéad a shábháil.

Ach caithfear cúiteamh a dhéanamh ar chaoi éigin leo siúd a mbeidh a gcuid aislingí á milleadh orthu san iarracht.

Sin é an dúshlán a bheidh roimh thaidhleoirí an domhain ag deireadh na bliana seo, nuair a bheifear ag iarraidh reachtaíocht idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide a chur i bhfeidhm ag cruinniú mullaigh i bPáras.

Má bhíonn aon bhaint ag mo leathbhádóir leis an scéal, beidh carr breise ar an mbóthar faoin am sin.

Fág freagra ar 'Aislingí á milleadh: Mise agus athrú aeráid: (2)'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Baineann go leor den fhadhb le aithris ar an méid a shíltear a bheith ag an an íseal-mheánaicme abhus; sin an slat tomhas a bheadh ag leithéidí do leathbhádóir, agus thuigfeá dóibh.

    Na meáin cuid den réiteach, sílim, scannáin ach go háirithe.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Agus caidé fá córáis iompar malartacha a fhorbairt d’achan tír? i. cinnte gluaisteán a bheith agat ach é a rith ar bhreosla níos inbhuanaithe le astuithe a thagann as a bheadh sábháilte agus chan díobhálach don timpeallacht. Nach bhfuil an teicneolaíocht ann anois le go dtig gluaisteán a rith ar uisce (H2O) – nó le solas na gréine?

    Ba cheart do na tíre uilig atá go fóill ‘ag forbairt’ (mórchuid daonra an domhain) bheith ag úsáid an nuatheicneolaíocht atá ar fáil sna tíortha ‘forbartha’ chun saol níos inbhuanaithe bheith againn uilig.