Aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis an toghcháin

Bhí an SNP suíochán amháin gann ar thromlach iomlán i ndiaidh na vótála, ach dúirt a gceannaire Nicola Sturgeon gur léir gurb é ‘toil na ndaoine’ go mbeadh an dara reifreann faoin neamhspleáchas ann

Aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis an toghcháin

Cé gur éirigh leis an SNP a stádas mar an páirtí is mó in Albain a bhuanú gan mórán stró agus gur tháinig ardú de bheagán ar an sciar den vóta a fuair siad ar bhonn náisiúnta, beidh díomá orthu nár éirigh leo an sprioc a leag siad síos a bhaint amach

Tá aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis ceann de na toghcháin Parlaiminte ba spéisiúla a reáchtáladh ó bunaíodh é i 1999.

Roimh an toghcháin, mhaígh Nicola Sturgeon, an Chéad-Aire agus ceannaire Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (an SNP), go mbeadh reifrinn eile á éileamh aici faoi neamhspleáchas na tíre dá n-éireodh lena páirtí tromlach iomlán a bhaint amach. 

Bhí an páirtí suíochán amháin gann ar thromlach iomlán i ndiaidh na vótála, ach dúirt Sturgeon gur léir gurb é “toil na ndaoine” go mbeadh an dara reifreann faoin neamhspleáchas ann.

Beadh sé “áiféiseach” ag Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, gan reifreann a cheadú, a dúirt sí.

Cé gur éirigh leis an SNP a stádas mar an páirtí is mó in Albain a bhuanú gan mórán stró agus gur tháinig ardú de bheagán ar an sciar den vóta a fuair siad ar bhonn náisiúnta, beidh díomá orthu nár éirigh leo an sprioc a leag siad síos a bhaint amach.

An chúis ba mhó a bhí leis seo ná gur éirigh le vótaíocht theaicticiúil na bpáirtithe a bhí in éadan an reifrinn, go háirithe  i gcás suíochán a bhí a bhí idir dhá cheann na meá. Sna cásanna sin, vótáil na hAontachtaithe, beag beann ar a ndílseacht do na páirtithe polaitíochta éagsúla, don iarrthóir ba mhó a mheas siad a raibh seans aige nó aici náisiúnaithe a chur ó dhoras.

D’éirigh go seoigh leis an straitéis sin.

Mar sin fhéin, thig leis na náisiúnaithe a mhaíomh go bhfuil móramh na bhfeisirí (idir Ghlasaigh agus an SNP) i bhfách le Indyref a dó agus go bhfuil mandáid acu anois a leithéid a ghairm.

Mar sin féin, ba é an móramh glan a bhí ag an SNP in 2011, rud nach bhfuil acu anois, a thug fuinneamh don chéad reifreann neamhspleáchais in 2014.

129 suíochán a bhí le líonadh: bhuaigh an SNP 64 suíochán, fuair na Caomhaigh 31 suíochán agus 22 suíochán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre. Ocht suíocháin a bhí ag na Glasaigh agus ceithre cinn a bhí ag na Daonlathaithe Liobrálacha. Theip ar Alba, an páirtí a bhunaigh iarcheannaire an SNP, Alex Salmond, aon suíochán a ghnóthú sa Pharlaimint. Fágann na torthaí go mbunóidh an SNP rialtas mionlaigh le tacaíocht na nGlasach – an socrú céanna atá faoi láthair ann.

Beidh pobal na hAlban ag faire go géar ar an gcéad chéim eile sa phróiseas.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, go ndiúltóidh sé don éileamh ar reifreann eile. Meastar, áfach, go gcuirfidh an SNP reachtaíocht chun reifreann a ghairm trí Thaigh an Róid, gan beannacht Westminster.

Chiallódh sé sin go mbeadh ar Bhoris Johnson dúshlán na reachtaíochta a ghlacadh i gCúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe. 

Meastar go mbeadh baol mór ag baint leis an gcur chuige sin. Cé go bhfuil seans maith go mbuafadh sé an cás, mar go ndeir Acht na hAblan 1998 gur faoi Westminster atá todhchaí an Aontais, d’fhéadfadh go gcuirfeadh a leithéid de bheart borradh faoi ghluaiseacht an neamhspleáchais.

Ar an lámh eile, is dócha ná a mhalairt go ndéanfaidh Aontachtaithe na hAlban baghcat ar aon reifreann a ghairmfí gan beannacht Westminster.

Fág freagra ar 'Aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis an toghcháin'

  • S. Mac Muirí

    72 as 129 ar son na saoirse.
    Maith sibh a mhuintir thall. Gach treise libh.

  • Pat Butler

    Tá an cuma anois ar chúrsaí nach fíor a thuilleadh do bhailéad ‘The Ludlows’ sna seascadaí – ‘The Sea Around Us’, ó pheann Domenic Behan…..

    ‘The sea, oh the sea.
    Is tú grá geal mo chroí,
    Long may it roll
    Between England and me,
    God help the poor Scotsmen They’ll never be free,
    Thank God we’re surrounded by water.’