‘Fíoraíodh Aisling 1916 ’ – beirt as gach cúigear

Pobalbhreith Tuairisc.ie - Ní chreideann ach 39% go bhfuil ceann de mhóridéil 1916 fíoraithe agus go dtugtar an cion agus an grá céanna do chlann uile an náisiúin.

21/4/2013. Fianna Fail 1916 Easter Rising Commemorations
Daoine óga ag comóradh Fhianna Fáil anuraidh ar Éirí Amach 19I6. Pictiúr: Photocall Ireland

Ní chreideann ach beirt as gach cúigear den phobal go bhfuil ceann de mhóridéil Éirí Amach 1916 fíoraithe – is é sin an aisling go dtabharfaí an cion agus an grá céanna do chlann uile an náisiúin.

39% a dúirt go bhfuil an aisling áirithe sin fíoraithe againn agus 29% a dúirt nach bhfuil.

32% den phobal a thug le fios go raibh siad idir dhá chomhairle nó nach raibh aon tuairim acu faoi cé acu an dtugtar aird in Éirinn na linne seo ar idéal seo 1916 nó nach dtugtar.

I measc na ngrúpaí is mó a chreid gur fíoraíodh an aisling go dtabharfaí an cion céanna do chlann uile an náisiúin bhí daoine os cionn 65 bliain d’aois (49%); daoine a bhain leis an meánaicme (45% – Abs); feirmeoirí (50%); agus iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gCúige Chonnacht nó i gCúige Uladh (52%).

Dála na ceiste a bhaineann le riachtanas Éirí Amach 1916, mar sin, níl ach beirt as cúigear a chreideann go bhfuil idéil an Éirí Amach curtha i gcrích agus gur fíoraíodh an aisling.

Reáchtáladh pobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown i sé áit is trí scór ar fud na tíre agus roghnaíodh tuairim is míle duine le páirt a ghlacadh ann. Bhain na daoine sin le gach saghas cúlra sa tslí is go mbeadh an phobalbhreith ionadaíoch de phobal na tíre.

Ag trácht dó ar thorthaí na pobalbhreithe, dúirt Paul Moran, leas-stiúrthóir ar an gcomhlacht Millward Brown:

“Ní hiontach an léiriú ar a bhfuil déanta againn le nócha bliain anuas é go bhfuil an oiread sin daoine patuar i leith na suáilcí uaisle céanna.”


1916 lth10


 

 

 

 

Fág freagra ar '‘Fíoraíodh Aisling 1916 ’ – beirt as gach cúigear'

  • Ciarán

    Nuair a scríobhann tú gur dearnadh an phobalbhreith seo “ar fud na tíre”, an raibh na Sé Chontae san áireamh ansin?

    Bheadh sé suimiúil fáil amach cad é an tuairim atá ann i measc na nGael ar na ceisteanna seo.