Áiseanna scoile curtha ar fáil in 11 teanga ach radharc ar bith ar an nGaeilge

Tá Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge míshásta nár foilsíodh i nGaeilge acmhainní oideachais do dhaoine óga

Áiseanna scoile curtha ar fáil in 11 teanga ach radharc ar bith ar an nGaeilge

Tá míshástacht léirithe ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge faoin scéala nár foilsíodh i nGaeilge acmhainní oideachais do dhaoine óga ó thuaidh, acmhainní a foilsíodh in aon teanga dhéag, ina measc Araibis, Coirdis agus Slóvaicis.

Tá éileamh déanta ag ionadaithe Shinn Féin, Karen Mullan MLA, agus an Seanadóir Niall Ó Donghaile ar an Aire Oideachais ó thuaidh, Peter Weir, go gcuirfí na pacáistí acmhainní ar fáil i nGaeilge láithreach.

Ag labhairt di inniu, dúirt Karen Mullan MLA, go raibh “faillí mhillteanach” déanta ar pháistí Gaelscoile ó thuaidh.

“Le linn na tréimhse seo tá tábhacht agus úsáid ar leith ag baint le hacmhainní oideachais, mar sin, tá sé dochreidte go bhfoilseodh an tÚdarás Oideachais na hacmhainní seo gan an Ghaeilge a chur san áireamh.”

“Ábhar misnigh” an fháilte a chuir an Roinn roimh an ilteangachas, a dúirt sí, ach dúirt go raibh “an ceart céanna” ag dul do pháistí a labhraíonn Gaeilge.

Foilsíodh na hacmhainní oideachais, a bhfuil treoir sláinte agus eolas faoi aipeanna agus suíomhanna oideachais le fáil iontu, sa Pholainnis, Rómáinis, Araibis, Coirdis Slóvaicis, Laitvis, Ungáiris, Bulgáiris, Liotuáinis, Portaingéilis, Sorani, agus Tetum Thíomór.

Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile go raibh dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais na hacmhainní oideachais a chur ar fáil i nGaeilge.

“Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá dualgas ar an Aire a chinntiú go bhfuil riachtanais oideachais achan pháiste comhlíonta. Ní ghlacfaidh an pobal le haon chéim siar a dhéanfaidh pobal na Gaeilge a imeallú agus a ísliú,” a dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge gur “cúis díomá ollmhór” é go ndearnadh neamhaird ar dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí acu.

“Is cúis díomá ollmhór é nach raibh an Ghaeilge i measc an réimse teangacha ar cuireadh na hacmhainní a chuir an tÚdarás Oideachais ar fáil do dhaoine óga sa tuaisceart ar fáil iontu. Is léiriú eile ar an imeallú agus an neamart stairiúil atá á ndéanamh ag an Údarás Oideachais ar dhaltaí Gaelscoile ó thuaidh.

“Má thagann na caighdeáin teanga isteach leis an reachtaíocht Ghaeilge ba cheart go mbeidh creatlach iontach soiléir ann do dhreamanna ar nós an Údaráis Oideachais le gur féidir leo freastal i gceart ar dhaltaí Gaelscoile,” a dúirt Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

Thug Ó Tiarnaigh le fios go raibh éileamh á dhéanamh ag an ghrúpa feachtasaíochta An Dream Dearg go gcuirfí ábhar oideachais i nGaeilge ar fáil ar chlár scolaíocht bhaile an BBC Bitesize Daily.

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh “idirbheartaíocht” ar siúl acu le foireann BBC Gaeilge agus foireann an chláir chun ábhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí agus tuismitheoirí le Gaeilge.

Is i mBéarla atá an clár Bitesize Daily, a bhfuil ceachtanna, físeáin agus podchraoltaí nua ar fáil ann gach lá den tseachtain, ach tá roinnt ábhar oideachais ar fáil i nGaeilge na hAlban agus sa Bhreatnais.

Fág freagra ar 'Áiseanna scoile curtha ar fáil in 11 teanga ach radharc ar bith ar an nGaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Bastardaíocht.

  • Máiréad Uí Dhomhnaill

    In ainneoin na hiarrachtaí is fearr, maireann “no surrender”