Áis nua foclóra do léitheoirí Tuairisc.ie seolta ag an Oireachtas

Ba iad lucht Teanglann.ie a d’fhorbair an bogearra nua do Tuairisc.ie. á ‘Foclóirí’ ar fáil ar ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine i láthair na huaire ach tá sé i gceist é a fhorbairt chun go n-oibreodh sé ar ghléasanna soghluaiste amach anseo

Áis nua foclóra do léitheoirí Tuairisc.ie seolta ag an Oireachtas

Tá áis nua foclóra curtha le Tuairisc.ie inniu. Leis an mbogearra nua seo a seoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne tráthnóna beidh deis ag daoine cliceáil ar aon fhocal a fhoilsítear in alt ar Tuairisc.ie le teacht ar shainmhíniú an fhocail i Teanglann.ie. Tá rogha ag léitheoirí an áis nua seo ‘Foclóirí’ a mhúchadh nó a chur ar siúl ag barr na leathanach.

Ba iad lucht Teanglann.ie a d’fhorbair an bogearra nua do Tuairisc.ie. Ba é Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a sheol an bogearra i gCill Airne inniu. Tá ‘Foclóirí’ ar fáil ar ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine i láthair na huaire ach tá sé i gceist é a fhorbairt chun go n-oibreodh sé ar ghléasanna soghluaiste amach anseo.

Foclóirí sámpla

Dúirt eagarthóir Tuairisc.ie go bhfuil áthas air go bhfuil ‘Foclóirí’ anois ar fáil do léitheoirí an tsuímh.

“Is dóigh liom gur áis iontach a bheidh anseo do léitheoirí Tuairisc.ie, idir léitheoirí dílse na seirbhíse agus léitheoirí eile a bheadh ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. Ón uair a chuamar chun cainte le lucht Teanglann.ie, thugadar an-tacaíocht dúinn agus tá toradh a saothar le feiscint inniu ar Tuairisc.ie. Beidh tuilleadh forbartha á dhéanamh againn ar ‘Foclóirí’ sa tréimhse amach romhainn, agus tá súil agam go mbainfear taitneamh agus tairbhe as,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, seoladh roinnt seirbhísí eile, ina measc ‘An Draoi Gramadaí’. Fógraíodh chomh maith go mbeadh tús á chur leis an obair ar an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge faoi cheann dhá mhí agus go gcuirfear an obair sin i gcrích faoi dheireadh na mbliana 2018.

Fág freagra ar 'Áis nua foclóra do léitheoirí Tuairisc.ie seolta ag an Oireachtas'

  • Eoin

    Bheadh sé ar fheabhas dá bhféadfadh lucht teanglann.ie FGB agus an Foclóir Beag a chur ar fáil do na ríomhléitheoirí freisin, ar nós Kindle agus Kobo