Airgead mór ag dul i dtaisce sna Comhair Chreidmheasa, ach daoine níos cúramaí faoi iasachtaí a thógáil

Sa tír ar fad tá €13.4 billiún curtha i dtaisce sna Comhair Chreidmheasa agus tá €4.5 billiún amuigh ar iasacht

Airgead mór ag dul i dtaisce sna Comhair Chreidmheasa, ach daoine níos cúramaí faoi iasachtaí a thógáil

Ní mba shuim mhór airgid é ach bhí tús curtha le gluaiseacht nua faoin tuath. £2,500 a bhí curtha i dtaisce ag na baill i gComhar Creidmheasa an Chaisil i gConamara i 1969 – sin leathchéad bliain ó shin. Bhí sé ar an gcéad chraobh den Chomhar Creidmheasa a bunaíodh i gceantar tuaithe in Éirinn. Bhí misneach ag an dream a bhunaigh é.

Tá an tuairisc sin ar chiste na craoibhe in iarthar Chonamara sa gcuntas a scríobh Séamus Ó Domhnaill, duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta. Chaith sé os cionn ceathrú céid go maith ag láimhsiú airgead Chomhar Creidmheasa an Chaisil. Mhéadaigh an ciste de réir a chéile ach is ar éigean go gcreidfeadh ná go samhlódh duine ar bith sna blianta sin go dtiocfadh an lá nuair a bheadh na milliúin curtha i dtaisce i gcuntais na gComhar Creidmheasa in iarthar Chonamara.

Sa lá atá inniu ann, tá craobh an Chaisil agus craobh Chrois na Tulaí i Rinn Mhaoile in iarthar Chonamara cónasctha agus Comhar Creidmheasa Chonamara a thugtar ar an gcraobh sin anois. As an Teach Dóite siar chomh fada le himeall an Atlantaigh agus síos ó dheas go Ros Muc a thugann sé seirbhís. Nuair a tháinig na baill le chéile ag an gcruinniú cinn bhliana sa bpríomhoifig atá ag Comhar Creidmheasa Chonamara sa gClochán anois, thug an cisteoir tuairisc go bhfuil os cionn €23 milliún curtha i dtaisce sa gComhar ag an 6,000 ball. Tá sé tugtha síos, bunaithe ar staidéar ar an Daonáireamh (cuid mhaith) go bhfuil go leor den taobh tíre atá i gceist ar an réigiún is mó atá buailte ar bhun eacnamaíochta agus sóisialta i gcontae na Gaillimhe. Is mór an lán airgid é €23 milliún sa gcás sin.

Sa taobh ó dheas de Chonamara tá €40 milliún curtha i dtaisce ag baill Chomhar Creidmheasa Cholmcille.

Tugann an chraobh sin seirbhís siar chomh fada le Leitir Mealláin, ó thuaidh go Camas, chomh fada le teorainn Chomhar Creidmheasa Chonamara, agus soir chomh fada leis na Forbacha. Is mó daonra agus fostaíochta atá sa gceantar sin ná atá ar an taobh ó thuaidh. San am céanna tá dhá  rud suntasach faoi na suimeanna sin airgid:

  • An fás ollmhór atá tagtha ar ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa
  • An lear airgid atá amuigh i measc an phobail.

Is díol spéise é an coibhneas idir airgead a bhí curtha i dtaisce agus an méid a bhí amuigh ar iasacht sa naíonán de Chomhar Creidmheasa a bhí ar an gCaiseal i gConamara i 1969: £2,500 a bhí curtha i dtaisce ach bhí €3,000 tugtha amach ar iasacht.

Go deimhin facthas an pictiúr agus an coibhneas céanna sin, a bheag no a mhór, i ngluaiseacht na gComhar Creidmheasa ar fud na tíre ar feadh i bhfad. Bhí brú i gcónaí ar an gciste agus ba dheacair an t-airgead a bheadh á shábháil a choinneáil ar comhchéim leis na hiasachtaí. Scaití, bhíodh an brú chomh tréan sin agus go gcaití daoine a chur ó dhoras ar feadh tamaill nó go neartaíodh an ciste. Scaití eile bhíodh rialacha leagtha síos go gcaithfeadh céatadán áirithe den iasacht a bhí ag teastáil uait a bheith curtha i dtaisce sula dtabharfaí amach an t-airgead.

Ach breathnaigh ar an taobh eile den leabhar i gComhar Creidmheasa Chonamara agus i gComhar Creidmheasa Cholmcille i mbliana: beagán le cois €7 milliún atá amuigh ar iasacht i gCraobh Chonamara den ghluaiseacht agus €12 milliún atá amuigh ar iasacht i gceantar chraobh Cholmcille. I mbeagán focal, níl ach 30% dá gcuid acmhainní amuigh ar iasacht ag na Comhair Chreidmheasa i gConamara.

Is é an scéal céanna é ar fud na tíre – idir chathracha agus an tuath.

Os cionn billiún euro atá curtha i dtaisce sa leathscór Craobh den Chomhar Creidmheasa atá i gcontae na Gaillimhe. “Cuirfidh muid ar bhealach simplí é,” a deir John Murphy as Gleann na Madadh,  atá ina chathaoirleach ar Chumann na gComhar Creidmheasa sa gcontae, “€30 as chuile €100 atá i dtaisce atá amuigh ar iasacht – 30%.”

Sa tír ar fad tá €13.4 billiún curtha i dtaisce sna Comhair Chreidmheasa agus tá €4.5 billiún amuigh ar iasacht. Fágann sin go bhfuil 34% den chiste tugtha amach, mórán mar a chéile le Conamara agus Gaillimh.

Deir John Murphy go bhfuil roinnt cúiseanna leis an athrú saoil. Fiú, a deir sé, nach bhfuil ach pingineacha beaga san ús a fhaigheann daoine sa gComhar Creidmheasa, níl daoine ag íoc táillí ar an airgead atá i dtaisce acu. Tá na bancanna ag baint táillí amach ar chuntais reatha. Lena chois sin, tá buntáiste ag baint leis an gComhar Creidmheasa sa mhéid agus go bhfuil córas ann go bhfaigheann duine muinteartha, a bheadh ainmnithe, cnapshuim (gar dá dhá oiread i gcásanna áirithe) ar ais i dteannta an tsuim a bhíonn istigh ag duine i gcás báis. Mar shampla, bheadh tuairim is €17,000 le tabhairt as ais sa gcás agus go raibh €10,000 istigh ag an té a bhásaigh.

Ach á fhágáil sin go leataobh ceapann John Murphy go bhfuil trust ag an bpobal as na Comhair Chreidmheasa. “Ina dhiaidh sin féin, níor thiteadar mar a tharla do na bancanna aimsir na géarchéime eacnamaíochta,” a deir sé.

Ach tuige nach bhfuil níos mo éilimh ar iasachtaí? “Sílim go bhfuil daoine i bhfad níos cúramaí de bharr ar tharla le leathscór blianta. Féachann siad le roinnt a chur i dtaisce agus tá leisce orthu iasachtaí a thógáil anois mura bhfuil údar an-mhaith leis.”

Ach nach dtaispeánann an choigilt airgid seo sna Comhair Chreidmheasa go bhfuil níos mo airgid ná a bhíodh i measc an phobail in áit éigin. “Tá,” arsa John Murphy i nGleann na Madadh, “le cois chuile shórt eile tá Banc na hEorpa á phriontáil le riar blianta agus scaipeann sé thart.”

I gcomórtas leis an sruth airgid seo uilig ba in áit na leathphingine a bhí an £2,500 a bhí i gComhar Creidmheasa an Chaisil i 1969. Ach ní in áit na leathphingine a bhí na daoine a thug iarraidh faoi; is mór a chuidigh an chraobh sin, agus chuile cheann eile acu, le muintir na hÉireann.

Fág freagra ar 'Airgead mór ag dul i dtaisce sna Comhair Chreidmheasa, ach daoine níos cúramaí faoi iasachtaí a thógáil'