Airgead agus an Astráil: cad atá i ndán do pheil Ghaelach na mban?

Go dtí seo, bhí sé ar chumas mhná na hÉireann peil a imirt lena gcontaetha in Éirinn agus go proifisiúnta san Astráil an mbliain chéanna. Tá gach cosúlacht air nach mbeidh siad in ann an dá thrá a fhreastal amach anseo

Airgead agus an Astráil: cad atá i ndán do pheil Ghaelach na mban?

Vikki Wall

I dTulach Mhór tráthnóna Dé Sathairn seo caite, fuair An Mhí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceathrú ceannais pheil na mban tar éis do Emma Duggan an cúilín scoir a fháil sa nóiméad deireanach.

De thoradh an scóir sin, beidh Vikki Wall ag fanacht in Éirinn ar feadh tamaillín eile sula rachaidh sí thar sáile chun tabhairt faoina eachtra le AFLW [Sraith Peile na hAstráile, Mná]

Shínigh Peileadóir na Bliana 2021, Emma Wall, cainteoir Gaeilge, conradh AFLW le North Melbourne Kangaroos.

Tá Wall tiomanta d’fheachtas a contae a thabhairt chun críche sula dtriallann sí ar an Astráil. Tá na Kangaroos thar a bheith tuisceanach dá cás agus iad ag ligint di fanacht in Éirinn lena aghaidh sin. Imreofar an chéad chluiche de chuid North Melbourne ar an 27 Lúnasa.

Tá trí athrú suntasach tagtha ar an AFLW i mbliana, iad fite fuaite lena chéile.

Bogfar cluichí na mban as brothall an tsamhraidh go dtí an t-earrach, agus gheofar réidh leis an bhforluí agus spóirt éagsúla ag tarlú ag an tráth céanna – cluichí ceannais pheil na mban, an dara leath den séasúr cruicéid (ar a bhfuil mór-éileamh san Astráil), agus na chéad bhabhtaí i sraith nua pheil na bhfear ar a ndírítí an chuid is mó d’aird na meán.

Tá líon na bhfoirne atá ag glacadh páirte san AFLW tar éis méadú, ó 8 sa chéad sraith go 18 in 2022. Beidh foireann á cur ar an bpáirc i bpeil na mban agus na bhfear araon ag gach club san AFL.

Tá ardú suntasach tuarastail tagtha do mhná an AFLW, freisin, agus comhaontú cómhargála nua bainte amach acu. Tá an meántuarastal ardaithe 94% go dtí A$46,280 (€30,493). Gheobhaidh an t-imreoir is lú taithí ar an bpainéal tuarastal A$39,184 (€25,468) an séasúr seo. Íocfar A$71,935 (€46,756) leis an imreoir is luachmhaire, agus beidh íocaíochtaí breise le fáil as cluichí a imirt agus dualgais eile. 

Is forbairtí dearfacha iad seo don AFLW ó thaobh feiceálachta de agus beidh tuilleadh deiseanna ann do pheileadóirí baineanna dá mbarr. Cé nach dtéann an méadú tuarastail i ngaobhar don airgead a shaothraíonn peileadóirí fir go fóill (A$389,000 nó €256,000 ar an meán), ní féidir a shéanadh ach go bhfuil ioncam agus coinníollacha na bpeileadóirí ban san Astráil ag éirí níos fearr ná riamh, agus leanfar leis an bhfeabhsú sin.

Ach d’fhéadfadh na hathruithe seo tionchar mór a imirt ar thírdhreach pheil Ghaelach na mban in Éirinn amach anseo.

Go dtí seo, bhí sé ar chumas pheileadóirí ban na hÉireann peil a imirt lena gcontaetha in Éirinn agus go proifisiúnta san Astráil an bhliain chéanna. Tá gach cosúlacht air, áfach, nach mbeidh siad in ann an dá thrá a fhreastal sa todhchaí.

Tá Vikki Wall i measc an 16 Éireannach mná a bheas ag déanamh an aistir chun a n-áiteanna a ghlacadh ar phainéil AFLW i mbliana. Tá rogha ó thaobh na peile Gaelaí déanta ag roinnt acu cheana féin: chinntigh Sarah Rowe, Aileen Gilroy agus na deirfiúracha Kelly ó Mhaigh Eo gan páirt a glacadh sa LGFA [Cumann Pheil na mBan] in 2022, mar a rinne an Corcaíoch Erika O’Shea. 

(Tá beirt eile, Áine Tighe as Liatroim agus Amy Mulholland as Ard Mhacha, a bhí lonnaithe san Astráil cheana.)

Is dócha go bhfuil tarraingt na hAstráile ag éirí níos láidre do mhná peile as Éirinn. €38,500 is ea an t-ioncam airmheánach in Éirinn. Dá mbeadh bean in ann an méid sin a shaothrú (agus taithí mhaith a fháil) ag imirt peile ar feadh deich seachtaine san Astráil, cé a gheobhadh locht orthu?

Éamonn Murray, bainisteoir fhoireann shinsearach ban Chontae na Mí, is cosúil.

Ní ba luaithe i mbliana, bhí sé iontach míshásta agus ráflaí ag dul thart faoi thodhchaí Wall, sular shínigh sí a conradh leis an AFLW. Dúirt sé nár thuig sé ar chor ar bith an fáth go n-imreodh duine peil na hAstráile, nach raibh “scil ar bith” le fáil sa gcluiche Astrálach agus go raibh peileadóirí áirithe ní ba mheasa agus iad ag teacht ar ais ón Astráil.

Agus i gcomhthéacs na conspóide is déanaí faoi “tolerant Gaeilgeoirí”, ná déanaimis dearmad ar a chuid focal fánach gangaideach i leith Gaeilge Wall: “she’s good at talking Irish and all that stuff”.

Ní raibh i gcaint Murray ach silíní searbha. Is léir nach ndearna Murray iarracht ar bith na peileadóirí, ná cluiche náisiúnta na hAstráile (atá an-chosúil leis an gceann Gaelach, ar ndóigh), a mheas ná a thuiscint. Is amhlaidh gur thuig sé go bhfuil bagairt le braistint ón AFLW, agus b’in é cuspóir a roiste cáinte.

Dúirt an peileadóir féin, Vikki Wall sa Mheitheamh nach bhféadfadh sí diúltú don deis seo dul go dtí an Astráil agus go raibh sí buíoch do na Kangaroos as a bheith chomh garach di. 

Chomh fada agus is féidir le peileadóirí an dá thrá a fhreastal, is dóigh liom féin go mba thairbhí a bheadh sé comhthuiscint agus comhoibriú a chur chun cinn, agus dá bharr go bhfeicfear forbairt agus neartú sa dhá chód araon.

San idirbheartaíocht chun an chómhargáil nua a bhunú do pheileadóirí na hAstráile, dhearbhaigh ionadaí na n-imreoirí go raibh sé mar sprioc acu go mbeadh gach peileadóir san AFLW ina fostaí lánphroifisiúnta, agus gur ar bhonn 12 mí a mhairfeadh conarthaí faoi 2026. 

Bheadh síneadh an chomórtais i gceist leis sin, rud a bhí á éileamh ag na himreoirí don bhliain seo chugainn ach nár ghlac an AFL leis. 

Ní mhairfidh babhtaí cáilithe an AFLW ach deich seachtaine in 2022, cé go bhfuil 18 foireann ann (tá 22 babhta ag na fir). Fágann sin an comórtas éagothrom go fóill. Dá mbeinn soiniciúil déarfainn gur leithscéal é ag an AFL chun arduithe pá a choimeád faoi smacht ar feadh tamaill eile.

Ach tarlóidh an síneadh faoi dheireadh. Luíonn sé le réasún go ngabhfadh ardú pá ollmhór leis sin. Má bhíonn stádas amaitéarach ag peil Ghaelach na mban in Éirinn fós, cad a tharlóidh leis na himreoirí is fearr?

Tráth den saol, idir 2000 agus thart ar 2015, d’fhéachadh an AFL ar líon na bpeileadóirí fir in Éirinn mar thobar nárbh fhéidir a thaoscadh agus mheas go meallfadh an t-airgead chun na hAstráile iad choíche.

Is cinnte chomh maith go raibh imní faoi leith ar bhainisteoirí sa CLG faoin “talent drain”, mar a thugtar air, agus bhuail ceannairí na hÉireann lena macasamhail san Astráil leis an bhfadhb a phlé ag an am.

An t-ádh seachas bainistíocht, is dócha, a d’athraigh aird na gaoithe sin beagáinín le déanaí. 

Rinne Conor McKenna tagairt don chumha, rud atá luaite go minic mar chúis leis na hÉireannaigh a fhágann slán leis an AFL go luath, nuair a d’fhógair sé in 2020 nach gcomhlíonfadh sé fuílleach a dhualgais le Essendon. Ach níos tromchúisí ná sin, cáineadh go dian agus go mífhéaráilte é sna meáin in Melbourne tar éis dó a bheith sáinnithe i scannal faoi Covid-19, rud a d’fhág blas searbh i mbéal a lán daoine.

Níl sé cinnte an raibh baint ag an eachtra sin leis an gcinneadh a chonradh le Geelong a dhiúltú, ach thug Oisín Mullin droim láimhe don Astráil níos luaithe sa mbliain seo. 

Foilsíodh tuairisc le déanaí a chuir in iúl go mbíonn costais mhíosúla uafásacha ar imreoirí idirchontae – €1,450 ar an meán. Ach cé go bhfuil an córas idirchontae bunaithe ar bhonn an ‘amaitéarachais’, is rún oscailte é go dtugtar aire na huibhe do réaltaí fireanna CLG ó thaobh fostaíochta agus peorcaisí de. Seans nach bhfuil ualach an chostais ag luí chomh trom orthu siúd, rud a fhágann a gcinneadh fanacht in Éirinn níos éasca.

Déarfainn nach bhfuil an scéal mar an gcéanna do mhná de leithéid Wall, faoi láthair ar aon nós, agus tá airgead tarraingteach le fáil as tréimhse ghearr oibre san Astráil.

In Aibreán, dúirt Éamonn Murray “nach féidir rud ar bith a dhéanamh faoi”. Tá boladh an díomuachais le brath ar na focail sin. Mar atá don AFL san Astráil, ní mór don LGFA bheith airdeallach faoi bhealaí chun feabhas leanúnach a chinntiú do pheil Ghaelach na mban amach anseo.

Tá 16 bean a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ar liostaí AFLW i mbliana, mná a bhfuil luach a saothair infheicthe dóibh. Faoi 2026 agus conarthaí lánaimseartha á saighneáil, an mbeadh aon mhaitheas d’Éamonn Murray agus a leithéidí a bheith ag casaoid faoi chúrsaí mura mbeadh rud fiúntach déanta idir an dá linn chun peileadóirí ban den scoth a mhealladh le fanacht in Éirinn?

Tá a lán bealaí ann len é sin a dhéanamh. I dtús báire sílim féin gur cheart do Chumann Lúthchleas Gael agus Cumann Pheil na mBan cónascadh agus acmhainní (a bhfuil a lán acu ag CLG) a roinnt níos cothroime. Ar an suíomh gréasáin de chuid CLG, ní liostaítear an LGFA agus “camogie” ach mar “Related Organisations”, in áit na leathphingine ag bun an leathanaigh (agus níl leagan lán-Ghaeilge de shuíomh CLG ar fáil, dála an scéil).

Tá leisce orm an tseanargóint faoi ghairmiúlacht na gcluichí Gaelacha a athmhúscailt, áfach, cé go gcreidim gurb é sin atá i ndán dóibh. Sábhálfaidh mé é sin don chéad lá eile. Ach feictear domsa go bhfuil lá an chuntais sin ag teannadh linn.

Fág freagra ar 'Airgead agus an Astráil: cad atá i ndán do pheil Ghaelach na mban?'