Aire Stáit na Gaeltachta tagtha go suíomh Pháirc na Mara i gConamara 

Ceaptar go bhféadfadh ceist na pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin a dhul chomh fada leis an mBord Pleanála

Aire Stáit na Gaeltachta tagtha go suíomh Pháirc na Mara i gConamara 

Tá Údarás na Gaeltachta “an-sásta” leis an dearcadh a léirigh Aire Stáit na Gaeltachta i leith Pháirc na Mara nuair a thug sé cuairt ar shuíomh an tionscadail ag an deireadh seachtaine.

Le linn a chuairt ar an suíomh i gCill Chiaráin i gConamara tugadh léargas don Aire Stáit Jack Chambers ar an bplean le beocht agus brí a chur i gceann de cheantair mhóra Ghaeltachta na tíre.

Tá béim ar leith á chur ar an tionscnamh seo ag Údarás na Gaeltachta mar Pháirc nua-aoiseach do thionscail na mara agus an chladaigh. Tugtar aitheantas dó mar thionscnamh a chuirfeadh postanna ar fáil atá ag teastáil go géar i gceantar atá i measc na ‘spotaí dubha’ dífhostaíochta is measa sa tír.

Chas an tAire Chambers le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, ar shuíomh Pháirc na Mara, atá beagán taobh thoir de shráidbhaile Chill Chiaráin. 

Meastar gur comhartha tacaíochta don phlean í cuairt an Aire Stáit, Jack Chambers. Aithníodh Páirc na Mara cheana féin mar cheann d’iarrachtaí an Stáit leis an bhfostaíocht a mhéadú sna ceantracha tuaithe.

Chuir an Roinn Fiontraíochta €2 milliún ar fáil i dtús aimsire mar chuidiú leis an iarracht. 

Tá Páirc na Mara ag teacht le straitéis 

Údarás na Gaeltachta gur fearr go mbeadh tionscail i gceantair atá i bhfad amach ó chathracha bunaithe ar acmhainní nádúrtha – an fharraige agus an cladach a bheadh mar bhunús leis an obair a bheadh sa nPáirc atá beartaithe. 

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tar éis an chruinnithe tráthnóna go raibh sé an-sásta leis an dearcadh a bhí ag an Aire Stáit Chambers i leith Pháirc na Mara.

“Thug sé faoi deara an ceangal a bheadh ann leis na hacmhainní áitiúla agus b’fhacthas dó gur iarracht a bheadh ann a mhairfeadh go láidir in imeacht na mblianta,” a deir Micheál Ó hÉanaigh.

B’fhacthas don Phríomhfheidhmeannach gur thuig an tAire Stáit Chambers tábhacht an bpleananna don eolaíocht agus don obair nua-aoiseach a bhí ina cuid den phlean.

“Bheadh na caighdeáin chomh hard ar Pháirc na Mara agus go mbeadh pé uisce a thiocfadh isteach ann níos glaine ag dul amach as,” arsa Micheál Ó hÉanaigh. 

Meastar go gcosnódh an bhunfhorbairt ar Pháirc na Mara cuid mhaith de scór milliún euro. Bheadh infheistíocht phríobháideach ann chomh maith le hairgead an Stáit. 

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh go mbeadh Údarás na Gaeltachta in ann obair agus gníomhaíocht Pháirc na Mara a thosú gan mhoill ar bith dá mbeadh cead a gcinn acu ach go mbraitheann sin ar an gcóras pleanála. 

Tá iarratas ar chead pleanála á scrúdú sa rannóg pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair.

Níl sé mórán le cois seachtaine ó shin ó chuir Údarás na Gaeltachta freagraí ar aghaidh ar 100 ceist a chur na pleanálaithe faoin gcéad leagan den iarratas a cuireadh isteach.

Táthar sásta san Údarás go bhfuil eolas an-chuimsitheach curtha ar fáil. 

Cé gur cuireadh leathchéad aighneacht agus litir thacaíochta don iarratas pleanála seo isteach go Comhairle Chontae na Gaillimhe, cuireadh riar aighneachtaí – cúpla ceann acu go háitiúil – in aghaidh Pháirc na Mara isteach freisin. Tá dreamanna atá imníoch faoi mhéadú ar thionscal na feilméarachta bradán in aghaidh na Páirce. Ceapann siadsan go ndéanfadh an tionscnamh treisiú ar thionscal na mbradán feilme. 

Táthar ag fanacht le cinneadh na Comhairle Contae sna míonna amach romhainn. Ní shin le rá gur deireadh é sin leis an scéal agus ceaptar go bhféadfadh an cheist a dhul chomh fada leis an mBord Pleanála. 

Bhí feidhmeannaigh shinsearacha ó Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic agus Seán Mac Eoin, i gcuideachta Aire Stáit na Gaeltachta i bPáirc na Mara tráthnóna Dé hAoine agus bhí Mark de Faoite, Bainisteoir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta ansin i gcuideachta an Phríomhfheidhmeannaigh. 

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta tagtha go suíomh Pháirc na Mara i gConamara '