Aire Stáit na Gaeltachta le bheith os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna

Tiocfaidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inniu leis an bplean infheistíochta atá á chur cinn ag eagraíochtaí Gaeilge a phlé

Aire Stáit na Gaeltachta le bheith os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna

Tá an plean infheistíochta don Ghaeilge á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge, agus é aontaithe le 80 eagraíocht eile Ghaeilge timpeall na tíre.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, gur “cúis imní” don Choiste nach bhfuil “aon dul chun cinn déanta” maidir le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó tugadh isteach an straitéis seacht mbliana ó shin.

“Creidimid gur gá gníomhú láithreach, trí infheistiú a dhéanamh, i measc rudaí eile, chun an Ghaeltacht a chosaint, chun fostaíocht a chothú sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt sí.

Anuas ar an bplé faoi aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain, pléifidh an Coiste an tuarascáil Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an mhí seo caite.

Tháinig an Coimisinéir os comhair an Choiste leis an gcáipéis sin a phlé go gairid i ndiaidh a fhoilsithe. Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil ag teip ar an gcóras scéimeanna teanga freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta.

“Tá an-díomá ar an gCoiste gur theip ar na Scéimeanna Teanga an sprioc a bhí leo maidir le comhlachtaí poiblí do sholáthar seirbhísí sásúla dátheangacha don phobal a bhaint amach. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na gealltanais a leagadh amach i gcuid mhór de na Scéimeanna Teanga gan chomhlíonadh.

“Is léir nár éirigh leis na Scéimeanna Teanga agus nach bhfuil ag éirí leo, agus, dá bhrí sin, is mithid athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a ndualgas ina thaobh seo,” a dúirt Connolly.

Cuirfear tús leis an gcruinniú tráthnóna ag 5.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta le bheith os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna'