Aire Stáit na Gaeltachta agus a réamhtheachtaí ag tacú le Varadkar

Spreagadh mór do Leo Varadkar é tacaíocht Seán Kyne agus Joe McHugh, go háirithe san iarthar. Is é Varadkar rogha láidir na coitiantachta faoi láthair do cheannaireacht Fhine Gael

Aire Stáit na Gaeltachta agus a réamhtheachtaí ag tacú le Varadkar

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus an té a bhí san aireacht chéanna roimhe, Joe McHugh go bhfuil siad ag tacú le Leo Varadkar i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael.

Spreagadh mór é tacaíocht Aire Stáit na Gaeltachta agus an Aire Stáit don Diaspóra do Varadkar, go háirithe san iarthar mar a bhfuil próifíl ard agus lucht tacaíochta láidir ag Kyne agus McHugh araon.

I ráiteas a d’eisigh sé tráthnóna, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go ndeachaigh sé i gcomhairle lena lucht tacaíochta agus baill a pháirtí sular dhearbhaigh sé go mbeadh sé ag vótáil ar son Varadkar seachas Simon Coveney sa toghchán.

Dúirt Kyne gur duine “cáiréiseach, diongbháilte agus spreagúil” é Varadkar agus go mbíonn fáil i gcónaí air dá chomhghleacaithe agus do dhaoine eile “arb í a mian láidir go mbeadh rath ar ár dtír”.

Meastar go mbeidh Kyne agus McHugh araon ag súil le hardú céime sa chás go dtabharfadh An tAire Coimirce Sóisialta an lá leis sa toghchán agus go gceapfaí ina Thaoiseach ina dhiaidh sin é.

Tháinig Seán Kyne i gcomharbacht ar Joe McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta cothrom an ama seo bliain ó shin agus ceapadh McHugh ina Aire Stáit don Diaspóra an lá céanna.

Is é Leo Varadkar rogha na coitiantachta faoi láthair do cheannaireacht Fhine Gael agus é chun tosaigh ar an Aire Tithíochta Simon Coveney go dtí seo i measc bhaill an pháirtí parlaiminte a bhfuil fógra déanta faoina bhfuil i gceist acu a dhéanamh.

Tá 65% den vóta ag páirtí parlaiminte Fhine Gael sa toghchán ceannaireachta, tá luach 10% den vóta ag comhairleoirí áitiúla agus 25% ag gnáthbhaill an pháirtí.

D’éirigh Enda Kenny as ceannaireacht Fhine Gael ag meán oíche aréir agus d’fhógair Michael Noonan inniu go bhfuil faoi éirí as an aireacht Airgeadais agus nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta agus a réamhtheachtaí ag tacú le Varadkar'