Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ar buaileadh tinn sa Dáil inné é, ag teacht chuige féin san ospidéal agus é ag déanamh go maith.
Tá an t-aire stáit in Ospidéal San Séamas mar a bhfuil tástálacha á ndéanamh air.
Cuireadh ar athlá an Dáil tráthnóna inné nuair a buaileadh tinn an t-aire le linn dó a bheith ag freagairt ceisteanna.
Glaodh ar otharcharr agus cuireadh cóir leighis ar an dTeachta Dála as Luimneach sular tugadh ó Theach Laighean é. An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers, ar dochtúir é, a d’fhéach i ndiaidh an aire O’Donovan fad is a bhíothas ag fanacht ar an otharcharr.
Bhí ceist á freagairt ag an aire stáit faoi chúrsaí sláinte ar an gCeathrú Rua, ceist a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív air.
Bhí an chuma ar an aire stáit go raibh giorra anála ag cur as dó agus go raibh sé ag dul deacair air labhairt.
Chuir an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl ceist air an raibh sé ag iarraidh sos a thógáil ach lean sé air nó go raibh a fhreagra tugtha aige.
Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta ag ‘déanamh go maith’ san ospidéal'