‘Aire sinsearach le Gaeilge’ i measc na n-éileamh atá le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Achtanna Teanga agus an cás na Gaeltachta i measc na rún a phléifear ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTiobraid Árann an deireadh seachtaine seo

Cóilín Ó Cearbhaill

Pléifear 30 rún in iomlán ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheas ar siúl i Ros Cré i gContae Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo.

Tá molta ag Uachtarán an Chonartha Cóilín Ó Cearbhaill go n-éileodh an Conradh ar rialtas an Tuaiscirt agus rialtas na Poblachta airí sinsearacha le Gaeilge a chur sna ranna Cultúir agus Gaeltachta chomh maith le comhchoiste Oireachtais ar a mbeadh freagracht don Ghaeilge agus Gaeltacht.

Meastar go dtoghfar an Cearbhallach ina uachtarán ar an gConradh in athuair ag an Ard-Fheis. Níl duine ar bith ag seasamh in aghaidh an uachtaráin reatha, atá ina bhall de Choiste Gnó agus Buanchoiste an Chonartha agus Coiste Náisiúnta an Oireachtais.

Molfar freisin ag an Ard-Fheis i Ros Cré go gcuirfí brú ar rialtas na Poblachta Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú sa Bhille leasaithe a fhoilseofar i mbliana agus go dtacódh an Conradh leis an bhfeachtas d’Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Ba ar chúrsaí Gaeltachta a leag Coiste Contae na Gaillimhe a rún; éileoidh craobh na Gaillimhe ar thoscairí na hArd-Fheise glacadh lena rún siúd go gcuirfeadh an Conradh brú ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta freagracht a ghlacadh as an bplé agus stocaireacht leis an státchóras, go háirithe leis an Roinn Oideachais, mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Iarrann siad nach bhfágfaí an obair sin ar phobail Ghaeltachta agus ar an bpobal sin amháin.

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Racket Hall i Ros Cré an deireadh seachtaine seo, ón 17-19 Aibreán.

Fág freagra ar '‘Aire sinsearach le Gaeilge’ i measc na n-éileamh atá le plé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'