Aire na Gaeltachta ina thost faoi fhoilsiú reachtaíocht teanga roimh an olltoghchán

Níl Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, sásta a rá cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla mar a gealladh

McHugh-0014Níl Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, sásta a rá acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla sula scoirfear an Dáil don olltoghchán.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire le Tuairisc.ie go bhfoilseofar an Bille nua “chomh luath agus is féidir faoi réir chead an Rialtais a bheith faighte chuige sin”.

Thug an t-urlabhraí le fios freisin go bhfuil “leagan dátheangach den Bhille á ullmhú” faoi láthair.

Ní rabhthas sásta a rá, áfach, cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla mar a gealladh.

Caithfidh toghchán a bheith ann i mbliana ar an 8 Aibreán nó roimh an dáta sin, ach táthar den tuairim gur i ndeireadh mhí Feabhra a bheidh sé ar siúl.

Thug an Taoiseach le fios i mí Nollag na bliana 2014 go bhfeicfí an Bille atá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla “go luath” i mí Eanáir na bliana 2015. Ina dhiaidh sin arís, thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfoilseofaí an Bille “le linn téarma reatha na Dála”.

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys i bhfreagra Dála i mí an Mheithimh seo caite go mbeadh an reachtaíocht nua teanga le foilsiú “sna seachtainí amach romhainn”, sula ndeachaigh an Dáil ar bhriseadh an tsamhraidh.

Tá an Bille i measc na bpíosaí reachtaíochta a bhí ar ‘Liosta A’ chlár reachtaíochta an Rialtais do sheisiún fómhair na Dála, a thosaigh i mí Mheán Fómhair.

Rinneadh cáineadh géar ar cheannteidil an Bhille, a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, nuair a foilsíodh sa bhliain 2014 iad.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an uair sin “gur cosúil gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú”.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ina thost faoi fhoilsiú reachtaíocht teanga roimh an olltoghchán'