Aire na Gaeltachta ‘ar an eolas’ faoi phlean Údarás na Gaeltachta a chruthódh 300 post sa Ghaeltacht

Rachadh plean an Údaráis i ngleic leis an scéal go bhfuil 90% de na foirgnimh oiriúnacha atá ag an eagraíocht anois lán

udaras_051-1024x681

Tá plean a chruthódh 300 post nua sa Ghaeltacht in aghaidh na bliana curtha faoi bhráid Aire na Gaeltachta, Joe McHugh ag Údarás na Gaeltachta.

Rachadh plean an Údaráis i ngleic leis an scéal go bhfuil 90% de na foirgnimh oiriúnacha atá ag an eagraíocht anois lán. €12 mhilliún in aghaidh na bliana a theastódh in aghaidh na bliana chun an plean a chur i gcrích, níos mó ná dúbailt €5.687 milliún atá ceadaithe mar bhuiséad caipitil don Údarás don mbliain 2016.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa Dáil go raibh sé ar an eolas faoi phlean an Údaráis agus faoi dheacrachtaí na heagraíochta maidir le heaspa foirgneamh agus foirgnimh eile a bhfuil géarghá le hathchóiriú a dhéanamh orthu.

Dúradh sa tuarascáil bhliantúil is déanaí ag an Údarás go raibh an bonneagar gnó seanchaite ag an eagraíocht ina bhac roimh chruthú fostaíochta.

Dúradh san athbhreithniú leis an dtuarascáil go bhfuil sé níos deacra infheistíocht a mhealladh go dtí an Ghaeltacht mar gheall ar easpa foirgneamh nua-aimseartha.

Thug an tAire McHugh le fios go raibh sé i gceist aige tuilleadh maoinithe a lorg don Údarás faoin bpróiseas meastachán athbhreithnithe.

Fógraíodh €1 mhilliún de chistiú breise don Údarás faoin bpróiseas sin ag deireadh na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ‘ar an eolas’ faoi phlean Údarás na Gaeltachta a chruthódh 300 post sa Ghaeltacht'