Aire na Gaeltachta ag lorg cruinniú faoi earcú státseirbhíseach le Gaeilge

Joe McHugh ag lorg cruinniú foirmeáilte leis an Roinn Caiteachchas Phoiblí faoin easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge

Joe McHugh: níor tharla an mhíorúilt theangeolaíoch fós.
An tAire Stáit Joe McHugh

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag lorg cruinniú foirmeáilte leis an Roinn Caiteachchas Phoiblí agus Athchóirithe faoin easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge.

Thug an tAire le fios go mbeadh sé ag bualadh leis an Taoiseach go luath chomh maith agus go mbeadh deis aige cúrsaí Gaeilge a phlé leis.

Ceistíodh an tAire Stáit ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil plean an Rialtais chun cur le líon na státseirbhíseach ar féidir leo seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge in aimhréidh.

Tuairiscíodh go raibh ochtar Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a dteastaíonn duine le Gaeilge dó.

Dúirt an tAire McHugh ar Adhmhaidin go raibh dualgas ar “achan duine” ag Bord an Rialtais brú a chur ar a ranna an plean earcaíochta don Ghaeilge sa státseirbhís a chur i bhfeidhm

Ní ghlacann an tAire leis go bhfuil easpa tola ann i measc na nAirí ná na ranna maidir le feidhm a thabhairt don phlean, ach tá cruinniú foirmeáílte á lorg aige idir a Roinn féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí chun an scéal a phlé.

Ar na hAirí a thug le fios nach bhfuil aon phost ar leith ina ranna a bhfuil duine le Gaeilge riachtanach dó, bhí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís agus ba í a thug treoir do na ranna eile liosta a dhéanamh de na poist acu ina bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine.

“Níl aitheantas tugtha d’aon phoist ná réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le hoifigigh atá inniúil sadá theanga,” a dúirt an tAire Howlin.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ag lorg cruinniú faoi earcú státseirbhíseach le Gaeilge'