‘Aird chuí’ á tabhairt ar éilimh Chonradh na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí teanga – Kyne

Deir Conradh na Gaeilge nár tugadh ‘cothrom na Féinne’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019 ach go bhfuil ‘deis fós’ ag an Rialtas déanamh amhlaidh

‘Aird chuí’ á tabhairt ar éilimh Chonradh na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí teanga  – Kyne

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta gur thug an Rialtas  “aird chuí” ar éilimh na n-eagraíochtaí Gaeilge maidir le maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2019.

Ní raibh an tAire Stáit Seán Kyne sásta a rá le déanaí cé acu an síleann sé an bhfuil nó nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht ina roinn féin, ach tá ráite anois aige i bhfreagra ar cheist Dála gur tugadh an aird a bhí ag dul dó ar éileamh Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile.

Ba lú an céatadán de mhéadú ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ná an céatadán i gcás na rannóg eile sa Roinn i mBuiséad 2019 – 8% d’ardú a bhí i gceist i gcomparáid le nach mór 14% a do chúrsaí cultúir agus ardú 15%  do chúrsaí oidhreachta.

B’ionann an €5 milliún breise a tugadh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin agus 13.8% den €36 milliún breise a fuair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa Bhuiséad.

Luaigh an tAire Stáit an soláthar €67.5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Bhuiséad agus an €2.8 milliún a d’fhógair an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail le déanaí d’Údarás na Gaeltachta

“Táim sásta, mar sin, go bhfuil aird chuí tugtha ag an Rialtas do mholtaí an 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta agus go bhfuil neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas mar a bhaineann sé leis an réimse cúraimí atá orm i mBuiséad 2019,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.

Fógraíodh an tseachtain seo caite chomh maith go maith go mbeadh €2 milliún á chur ar fáil don Údarás do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin ón gCiste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnaí.

Cé gur chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an maoiniú breise sin don Údarás, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn nach bhféadfaí glacadh leis gur tugadh dóthain airde ar éilimh na n-eagraíochtaí teanga maidir le maoiniú chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Níor leor an maoiniú atá luaite sa cháinaisnéis. Níl sé inghlactha ar chor ar bith go bhfuil ardú 8% do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta, Oileáin agus an Foras Teanga le chéile agus ag an am céanna go raibh ardú 14% tugtha do chúrsaí Cultúir agus 15% do chúrsaí Oidhreachta sa Roinn chéanna.

“Níl cothrom na Féinne ann. Tá deis fós ag an Rialtas, faoin athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar bhuiséad na bliana 2019, cothrom na Féinne a chinntiú agus molaim go láidir do gach duine sa phobal brú a chur ar chur ar a bpolaiteoirí áitiúla sa chéad seachtain eile le maoiniú breise a chur ar fáil chun tionscadail reatha atá leagtha amach sa phlean a mhaoiniú,” a dúirt Julian de Spáinn le Tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar '‘Aird chuí’ á tabhairt ar éilimh Chonradh na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí teanga – Kyne'