Aird ar ghaiscí Chelsea ach Tottenham ag feabhsú leo

Tá feabhas mór tagtha ar Tottenham Hotspur sa Phríomhroinn, ach má chailleann siad i gcoinne Chelsea anocht, is ar éigean go mbeidh seans acu breith ar an bhfoireann atá ar bharr na sraithe

Aird ar ghaiscí Chelsea ach Tottenham ag feabhsú leo

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chelsea anocht, caithfidh go bhfuil sé deacair ag lucht leanúna Tottenham Hotspur breithiúnas a thabhairt ar an séasúr go dtí seo.

Ba iad foireann Mauricio Pochettino is mó a thug dúshlán na seaimpíní Leicester City sa Phríomhroinn anuraidh agus, cé gur thit an tóin asa bhfoireann agus gan ach cúpla cluiche fágtha, bhí lucht leanúna Tottenham ag súil go mbeidís go láidir san iomaíocht don tsraith arís an turas seo.

Má chailleann siad anocht, áfach, beidh siad 13 pointe taobh thiar de Chelsea sa chéad áit agus, i bhfianaise na dtaispeántas atá tugtha uathu ag foireann Antonio Conte go dtí seo, ba mhór an bhearna í sin, fiú agus 18 cluiche fágtha.

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal mar sin go bhfuil Tottenham tite siar, ní hamhlaidh atá.

Mar a tharlaíonn sé, dá mbeadh an méid céanna pointí ag foireann Pochettino an t-am seo anuraidh agus atá acu anois, bheadh siad ar bharr an tábla.

Níl ach dhá chluiche caillte acu ó thús an tséasúir agus 39 pointe aimsithe acu, níos mó ná mar a bhí acu ag an bpointe seo i mbeagnach gach aon séasúr eile. Tá ceithre phointe sa bhreis acu ar an méid a bhí acu an taca seo anuraidh, tráth a raibh siad san iomaíocht don tsraith, ach an geábh seo tá ualach le déanamh acu más fúthu breith ar Chelsea.

Aon bhliain eile, bheadh Tottenham anois ar cheann de na foirne is airde sa tsraith, ach sa chúigiú háit atá siad faoi láthair agus gaiscí Chelsea is mó atá á moladh.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil an moladh sin tuillte ag foireann Conte. Agus 19 cluiche imeartha acu roimh chluiche na hoíche anocht, tá 49 pointe acu. Dá gcoinneoidís orthu ar an gcaoi chéanna don chuid eile den séasúr, bheadh 96 pointe acu – curiarracht.

Tá gaiscí Chelsea ag baint an loinnir d’fhoirne eile sa tsraith atá ag feabhsú leo chomh maith.

Ach an oiread le Tottenham, tá níos mó pointí ag Liverpool faoi láthair ná mar a bhí faoin tráth seo in aon séasúr eile, ach fós níl dóthain déanta acu chun barr na sraithe a bhaint amach. Tá Liverpool ar cheann den dá fhoireann ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Chelsea go dtí seo ach, ach mar a léirigh a gcluiche a chríochnaigh ar comhscór in aghaidh Sunderland Dé Luain, murab ionann agus Chelsea ní éiríonn leo an t-ardchaighdeán céanna a bhaint amach ó chluiche go cluiche.

Ar an gcaoi chéanna, tá Manchester United deich bpointe ó bharr na sraithe cé nach bhfuil cluiche ar bith caillte acu le deich gcluiche anuas. Tá an fhadhb chéanna ag foireann José Mourinho is atá ag foirne eile – tá Chelsea ag buachan cluichí gan stad.

Bhuaigh Leicester an tsraith anuraidh agus cé nach raibh ach 81 pointe acu bhí siad fós deich bpointe chun tosaigh ar an bhfoireann a tháinig sa dara háit, Arsenal.

Dá n-éireodh le Tottenham an méid céanna pointí a ghnóthú sa dara leath den séasúr agus atá aimsithe acu go nuige seo, bheadh 78 pointe acu ar deireadh ach gan áit acu fiú i Sraith na gCuradh.

Léiriú maith an méid sin ar an bhfeabhas atá tagtha ar chaighdeán na himeartha ag na foirne is fearr sa Phríomhroinn seachas an t-am seo anuraidh.

Fág freagra ar 'Aird ar ghaiscí Chelsea ach Tottenham ag feabhsú leo'