Aip ‘Slí na Gaeltachta’ seolta i mBéal Feirste an tseachtain seo caite

Sheol an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín aip nua a chabhróidh le cuairteoirí a mbealach a dhéanamh ar Shlí na Gaeltachta i mBéal Feirste

An tAire Carál Ní Chuilín ag seoladh aip Shlí na Gaeltachta in éineacht le foireann Fhorbairt Feirste
An tAire Carál Ní Chuilín ag seoladh aip Shlí na Gaeltachta in éineacht le foireann Fhorbairt Feirste

Seoladh aip nua i mBéal Feirste Déardaoin seo caite agus táthar ag súil go gcuirfidh sí ‘Ceathrú Ghaeltachta’ na cathrach chun cinn. ‘Slí na Gaeltachta’ is ainm don aip nua a chuireann ‘ardán idirghníomhach ar fáil do dhaoine ionas go dtig leo iad féin a thumadh sa Cheathrú Ghaeltachta’.

Chuir an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta £35,000 ar fáil chun an aip a fhorbairt agus ba í an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín (SF) a sheol i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich é.

Is eolaire agus treoraí don ‘Cheathrú Ghaeltachta’ é an aip a thabharfaidh eolas don úsáideoir faoi Bhóthar na bhFál agus an ceantar máguaird. Tá idir ábhar físe, téacs, agus fuaim ar an aip a léiríonn stair an cheantair.

Leagadh ‘Slí na Gaeltachta’ síos i mBéal Feirste an bhliain seo caite agus síneann an bealach os cionn dhá chiliméadar ó lár na cathrach go Bóthar na bhFál. Tá 25 leac ar an mbealach ó Reilig na Cathrach go bun Bhóthar na bhFál i lár na ‘Ceathrún Gaeltachta’, ar a bhfuil eolas faoi phearsana agus stair an cheanair.

Chosain an tslí £50,000 punt agus an chosain an aip £25,000. Thug an Roinn Cultúir maoiniú £35,000 don togra.

“Tá muid san aois dhigiteach anois agus is eispéireas don 21ú haois í an aip nua seo. Tig le turasóirí agus muintir na hÉireann araon cuairt a thabhairt an gCeathrú Ghaeltachta leis an aip seo. Bhí muid ag iarraidh an Ghaeilge a bhogadh óna fréamhacha tuaithe san iarthar agus a thabhairt isteach i gcathair nua-aimseartha. Tig le cuairteoirí an aip a úsáid chun Slí na Gaeltachta a leanstan iad féin.

“Déanann Slí na Gaeltachta ceiliúradh ar an Ghaeilge agus stair sa chathair le cúpla céad bliain anuas agus is féidir an stair agus na carachtair sin a thuiscint le cuidiú ón aip nua,” a dúirt Jake Mac Siacais ó Fhorbairt Feirste.

Dúirt an tAire Carál Ní Chuilín go raibh lúcháir uirthi gur chabhraigh a Roinn leis an aip a chur ar fáil. Ghabh sí a buíochas le Forbairt Feirste agus an comhlacht CultureTech as an dúshlán chun aip a bhainistiú go héifeachtach agus mhol sí Tradebox Media, an dream a dhear an aip, as ‘acmhainn luachmhar’ a chruthú don ‘Cheathrú Ghaeltachta’.

“A bhuíochas do Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta a seoladh sa bhliain 2013, tá an chuid seo de Bhéal Feirste á forbairt go gasta. Ní bheidh sé i bhfad go dtí go mbeidh an Cheathrú Ghaeltachta mar chuid lárnach dá bhfuil le tairiscint ag an chathair do thurasóirí ó thaobh an chultúir de.

“Bíonn fonn ar dhaoine a thugann cuairt ar Bhéal Feirste iad féin a thumadh sa stair agus sa chultúr shaibhir agus éagsúil atá le fáil anseo agus cuideoidh an aip úr leo déanamh amhlaidh,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Tá rogha Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil ar an aip agus tá sé ar fáil saor in aisce ón AppStore agus an PlayStore araon do ghléasanna iOS agus Android.

Fág freagra ar 'Aip ‘Slí na Gaeltachta’ seolta i mBéal Feirste an tseachtain seo caite'