Aip seolta d’aon duine atá ag iarraidh a bheith réidh aclaí d’Oireachtas na Gaeilge!

Tá súil ag lucht an Oireachtais go mbainfear leas as a n-aip nua le traenáil a dhéanamh do Rás an Oireachtais a bheidh ar siúl i gCill Airne i mí na Samhna

Aip seolta d’aon duine atá ag iarraidh a bheith réidh aclaí d’Oireachtas na Gaeilge!

Tá aip nua spóirt seolta ag Oireachtas na Gaeilge agus é mar aidhm aici cabhrú le lucht a húsáide traenáil do Rás an Oireachtais a bheidh ar siúl ag Oireachtas na Samhna ar an 5 Samhain i gCill Airne.

Dírithe ar ghlantosaitheoirí nó daoine nár ghlac páirt in aon aclaíocht le tamall anuas, atá an aip, ‘Tolg go 5k’, agus leagtar cúrsa traenála, idir shiúl agus rith, sé seachtaine amach ann.

Tá súil ag lucht an Oireachtais go gcuirfidh lucht úsáide na haipe tús leis an traenáil an tseachtain seo chugainn, sé seachtaine roimh Rás an Oireachtais i gCill Airne.

Pangr-Aip_Tolg

Níl ach trí lá sa tseachtain i gceist leis an traenáil agus maireann na seisiúin féin idir 20 agus 36 nóiméad. Gealltar go mbeidh an té a úsáidfidh an aip “réidh le rás 5k a rith” i ndiaidh na sé seachtaine.

“Is dúshlán é seo ach dúshlán gur féidir le gach duine tabhairt faoi, is cuma cé chomh haclaí is atá siad faoi láthair. Rinne mé féin an cúrsa Tolg go 5k liom féin cúpla bliain ó shin agus táim ag rith ó shin! Ní raibh aon rith déanta agam roimhe sin, fiú agus mé óg,” a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí agus Forbairt Freastail an Oireachtais.

Tá ‘Na Rásaí’, sraith rásaí á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana, i gcomhar le grúpaí áitiúla. Bronnfar pointí ar na reathaithe bunaithe ar a n-áit i ngach rás agus tógfar na torthaí is fearr ó aon 3 rás agus bunaithe ar na pointí sin, bronnfar duaiseanna na sraithe le linn Oireachtas na Samhna. Beidh an séú Rás ar siúl an mhí seo chugainn, an 8 Deireadh Fómhair, i gCarna i gConamara, Rás 10k Chonamara. Bhí rásaí eile ar siúl sna ceantair Ghaeltachta eile roimhe seo.

D’fhorbair an tOireachtas an aip i gcomhpháirt leis an gcomhlacht Pangr agus tá sé ar fáil saor in aisce ar shiopa Google Play.

Fág freagra ar 'Aip seolta d’aon duine atá ag iarraidh a bheith réidh aclaí d’Oireachtas na Gaeilge!'