Aip nua seolta chun cabhrú le clubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá eolas ar an aip faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha chomh maith le foclóir cuimsitheach spóirt, físeáin Ghaeilge ar an traenáil, podchraoltaí agus a lán eile

Aip nua seolta chun cabhrú le clubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn

Tá aip nua seolta chun cabhrú le clubanna Chumann Lúthchleas Gael an Ghaeilge a chur chun cinn.

Cuireadh an aip ar fáil mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, an scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael le haghaidhclubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tabharfaidh an aip gach eolas faoin Fhondúireacht féin chomh maith le scéalta faoi rannpháirtíocht na gclubanna san Fhondúireacht.

Chomh maith leis sin, tá foclóir cuimsitheach spóirt, físeáin Ghaeilge ar an traenáil agus na scileanna spóirt, gearrscannáin agus ceachtanna teanga ar an aip. Tá podchraoltaí, áiseanna foghlama agus teagaisc, eolas ar an phleanáil teanga agus ar eagraíochtaí agus ar phobal na Gaeilge le fáil uirthi chomh maith.

Agus é ag labhairt ag seoladh na haipe, dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Seán Ó hÓráin gur áis iontach í an aip a chabhróidh leis na clubanna agus lena mbaill ar fud na tíre agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn ina gclub féin.

“Tá sé iontach go mbeidh go leor acmhainní, nuachta agus scéalta maidir le himeachtaí an Chumainn le fáil ann,” a dúirt sé.

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go raibh aip nua na Fondúireachta ann chun gach eolas agus áiseanna den scoth a chur ar fáil do na baill maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna clubanna.

“Is í an áis is fearr liomsa san aip seo ná na físeáin a dhéanann cur síos ar an bpleanáil teanga ar an leibhéal is bunúsaí, agus iad dírithe go háirithe ar thús a chur le plean teanga sa chlub,” a dúirt Mac Gabhann.

Is í an láithreoir spóirt Gráinne McElwain a sheol an aip, agus tá teacht uirthi ar an dá ardán, Android agus Apple.

Bunaíodh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in 2017 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcumainn CLG ar bhonn tomhaiste pleanáilte. Cuirtear comhairle agus deontais ar fáil do chlubanna chun na pleananna sin a chur i gcrích agus bronntar boinn ar chlubanna a n-éiríonn leo sprioc áirithe a bhaint amach ar son na teanga.

Tá 196 club ar fud na tíre tar éis páirt a ghlacadh sa bhfondúireacht ó cuireadh an fhondúireacht ar bun.

Fág freagra ar 'Aip nua seolta chun cabhrú le clubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn'