Aip nua seolta ag TG4 do theilifíseáin chliste

Chomh maith le sruth beo TG4, ar an aip seo tá teacht ag daoine ar bhreis is 100 bailiúchán de na cláir is fearr atá ag TG4, ceol, drámaíocht, faisnéis, bailiúcháin siamsaíochta agus cláracha do pháistí

Aip nua seolta ag TG4 do theilifíseáin chliste

Tá aip nua seolta ag TG4 agus teacht anois ag daoine ar sheinnteoir an stáisiúin ar theilifíseáin chliste.

Chomh maith le sruth beo TG4, ar an aip seo tá teacht uirthi ar bhreis is céad bailiúchán de na cláracha is fearr atá ag TG4 – ceol, drámaíocht, faisnéis, bailiúcháin siamsaíochta agus cláracha do pháistí.

Tá roghanna eisiacha nua ar fáil ar an aip don teilifís chliste nach bhfuil ar fáil ar sheinnteoirí eile; ar nós ‘Tosaigh ón Tús’ (start over), +1 agus +2 a thugann deis do dhaoine dul siar uair nó dhó ar shruth beo TG4.

Is féidir fotheidil a chur ar siúl agus a mhúchadh ar an aip nua chomh maith.

Foireann TG4 a rinne dearadh agus forbairt ar an aip nua i gcomhar le comhlacht Éireannach, 8bytes.

“Táimid i gcónaí ag lorg bealaí atá nua agus nuálach chun freastal ar ár lucht féachana,” arsa John Higgins, Bainisteoir Córais Craolacháin TG4. ”Cuireann an aip is déanaí don teilifís chliste roinnt roghanna nua ar fáil atá eisiach do TG4.

“Má chaill tú tús aon chlár beo a thaitníonn go mór leat, is féidir leat é a chur siar go dtí an tús arís, é a stopadh nó é a chasadh air arís agus tú ag breathnú ar an sruth BEO.”

Is féidir an aip teilifíse a íoslódáil ón App Store ar theilifíseáin chliste de dhéantús Samsung, Sony agus LG, chomh maith le gairis eile OTT Apple TV (4ú agus 5ú glúin), Amazon Fire, AndroidTV agus Google TV.

Is féidir chomh maith aip TG4 a íoslódáil ar ghairis shoghluaiste ios agus android, agus clár a theilgean le Google Chromecast agus Apple TV.

Ag TG4 a bhí an chéad seinnteoir teilifíse in Éirinn nuair a seoladh é in 2002.

“Is céim mhór eile é seoladh na haipe nua don teilifís chliste chun ár misean ‘TG4 Gach Áit’ a bhaint amach,” a dúirt Peadar Ó Flatharta, Bainisteoir Ardáin TG4.

Is féidir teacht ar ábhar TG4 anois ar gach ardán; ar theilifíseáin chliste, OTT, go soghluaiste agus ar an idirlíon. Tháinig méadú 158% ar shruthanna físe ar éileamh ar sheinnteoir TG4 anuraidh. Tugann an aip seo rogha eile don lucht féachana maidir leis an mbealach is mian leo féachaint ar chláracha TG4.”

Fág freagra ar 'Aip nua seolta ag TG4 do theilifíseáin chliste'