Aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas le bheith ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í

Thug an Roinn Sláinte le fios roimhe seo gur i mBéarla amháin a bheadh an aip ar dtús, ach tá sé ráite anois go mbeidh leagan Gaeilge ann ón tús

Aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas le bheith ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Tuairisc.ie go mbeidh leagan Gaeilge den aip atá forbartha chun cabhrú leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris ar fáil nuair a sheolfar í.

Thug an Roinn Sláinte le fios roimhe seo gur i mBéarla amháin a bheadh an aip ar dtús, ach go mbeadh leagan Gaeilge di ar fáil “go gairid ina dhiaidh sin”.

Tá sé deimhnithe anois ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh daoine in ann an aip a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla.

“Beidh an aip ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í,” a dúirt urlabhraí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le Tuairisc.ie.

“Beidh aon duine atá ag úsáid na Gaeilge mar theanga réamhshocraithe ar a gcuid guthán in ann an aip a úsáid i nGaeilge.”

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cainteanna ar bun le tamall idir an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Roinn na Gaeltachta a bhí ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an aip in ann freastal ar phobal na Gaeilge.

Is cinnte go gcuirfidh Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile a bhí ag éileamh go mbeadh an aip ar fáil i nGaeilge fáilte roimh an scéala is déanaí seo, go háirithe i bhfianaise an easpa mhór a bhí sa soláthar eolais faoin bpaindéim i nGaeilge le roinnt míonna anuas.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios an tseachtain seo go bhfuil an aip réidh le seoladh agus meastar go mbeidh teacht ag an bpobal uirthi an deireadh seachtaine seo nó go luath an tseachtain seo chugainn.

Tá an aip forbartha chun cuardach teagmhálaithe a dhéanamh níos éasca agus taifead a choinneáil ar dhaoine sa phobal a raibh teagmháil acu le duine a bhfuil an galar Covid-19 air.

An té a íoslódálann an aip bainfidh sé úsáid as Bluetooth chun taifead a choinneáil ar dhaoine a bhí i ngartheagmháil leis. Deirtear nach mbainfear úsáid as ainmneacha aon duine ar an aip.

Má tholgann duine an coróinvíreas, tabharfar teachtaireacht d’aon duine a bhí i dteagmháil leis sna laethanta roimhe sin, fad is go bhfuil an aip acusan freisin.

Is é an comhlacht NearForm, atá lonnaithe i bPort Láirge, atá ag forbairt na haipe faoi láthair ach ní fios cén uair go baileach a bheidh fáil uirthi.

Fág freagra ar 'Aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas le bheith ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í'