Aip le haghaidh ‘1916, A Guided Tour’ ar fáil anois

Turas treoraithe timpeall na hArdchathrach atá san aip, bunaithe ar na háiteanna a raibh ceannairí an Éirí Amach le linn Sheachtain na Cásca 1916

OConnell-Street-1916-770x543

Tá fáil anois ar aip nua ‘1916 Turas Treoraithe’ ón eagraíocht ‘Athghabháil Fhís 1916. San aip tá ábhar a taifeadadh 25 bliain ó shin le haghaidh Chomóradh 75 Bliain 1916 agus glór Dhonncha Uí Dhúlaing leis.

Turas treoraithe timpeall na hardchathrach atá san aip, bunaithe ar na háiteanna a raibh ceannairí an Éirí Amach lonnaithe le linn Sheachtain na Cásca 1916 – ó aimsir fhógairt na Poblachta os comhair Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca go dtí an géilleadh deiridh sé lá ina dhiaidh. Is féidir éisteacht leis an taifead le linn an turais nó an t-ábhar a léamh.

Is féidir leis an éisteoir an tsiúlóid a dhéanamh ó Halla na Saoirse, go Muileann Uí Bheoláin, Faiche Stiabhna, monarcha Jacob, Caisleán Bhaile Átha Cliath, cois Life go dtí Ospidéal San Séamus, na Ceithre Cúirteanna agus Ard-Oifig an Phoist, go dtí ceann scríbe an turais i gCearnóg Pharnell ag an nGairdín Cuimneacháin.

Ba é Tomás Mac Anna, iarstiúrthóir Amharclann na Mainistreach, a scríobh an t-ábhar don chomóradh sa bhliain 1991, agus thaifead Cormac Breatnach, Niall Ó Callanáin, Seán Óg Potts agus Joan McDermott ceol speisialta don chomóradh.

Tá glórtha Bosco Hogan, Eithne Dempsey agus Shiobhán McKenna ar an aip nua freisin, mar aon le sleachta as Mise Éire le Seán Ó Riada. Anuas ar an gceol, taifead agus téacs, tá grianghraif le fáil ar an aip – idir shean agus nua.

Tá an aip ‘1916, A Guided Tour’, i mBéarla amháin, ar an App Store agus an Play Store ar €1.

Fág freagra ar 'Aip le haghaidh ‘1916, A Guided Tour’ ar fáil anois'