Aip Covid-19 íoslódáilte leathmhilliún babhta agus fáilte curtha roimh leagan Gaeilge di

Seoladh inniu Covid Tracker Ireland, an aip chun cabhrú le cuardach gartheagmhálaithe daoine a tholgann an Covid-19

Aip Covid-19 íoslódáilte leathmhilliún babhta agus fáilte curtha roimh leagan Gaeilge di

Tá íoslódáil déanta thart ar 500,000 babhta ag daoine ar aip nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a seoladh inniu mar chuid den fheachtas in aghaidh an choróinvíris.

Seoladh an aip chun cabhrú le lucht sláinte teacht ar ghartheagmhálaithe daoine a tholgann an Covid-19.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite, tá an aip ar fáil i nGaeilge chomh maith.

Caithfidh socruithe d’fhóin a bheith i nGaeilge chun an leagan Gaeilge a fháil, rud a chruthaigh roinnt deacrachtaí do dhaoine inniu.

Tá Conradh na Gaeilge ag fiosrú an bhféadfaí rogha teanga a chur ar an aip féin.

Tugadh suntas dó chomh maith go raibh liosta contaetha ar an leagan Gaeilge nach raibh aistrithe go Gaeilge.

Ach chuir Conradh na Gaeilge agus daoine eile fáilte mhór roimh an scéala go bhfuil an aip ar fáil i nGaeilge.

Má bhíonn an aip Covid Tracker agat ar d’fhón coinneoidh sí taifead ar na daoine a mbíonn gartheagmháil agat leo.

De réir na haipe, is ionann gartheagmhálaí agus duine a bhí i bhfoisceacht dhá mhéadar díot ar feadh níos mó ná 15 nóiméad.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid go bhféadfadh an aip cabhrú le teacht ar ghartheagmhálaithe taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig, seachas roinnt laethanta.

Níl an aip ag obair sa Tuaisceart faoi láthair, cé go ndeirtear gur aip uile-oileáin í.

Aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas le bheith ar fáil i nGaeilge nuair a sheolfar í

Dheimhnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Tuairisc.ie an mhí seo caite go mbeadh leagan Gaeilge den aip atá forbartha chun cabhrú leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris ar fáil nuair a sheolfaí í.

Thug an Roinn Sláinte le fios roimhe sin gur i mBéarla amháin a bheadh an aip ar dtús, ach go mbeadh leagan Gaeilge di ar fáil “go gairid ina dhiaidh sin”.

Is i mBéarla amháin atá an suíomh faoin aip nua.

Fág freagra ar 'Aip Covid-19 íoslódáilte leathmhilliún babhta agus fáilte curtha roimh leagan Gaeilge di'

  • Feardorcha

    Nach sásta atá gach éinne leis.
    Ní féidir liomsa teacht air mar níl fón le Gaeilge agam. Ach d’eisigh an Stát an aip seo agus gan rogha agamsa ach glacadh leis an leagan Béarla. Cén ábhar sásaimh atá ag an gConradh agus a gcomhbhádóirí? Áit na leathphingine, srl srl. An Stát ag brú Béarla orm agus gan gíogs as na gnáth-chnáimhseálaithe.

  • Ruairí Ó Bléine

    Creidim go gcaithfear an Ghaeilge a bheith le fáil mar theanga chórasach ar an fóínín sul ar ghlacfadh sé an Aip Ghaeilge don víreas. Tá moladh mór tuillte ag Samsung go mbíonn an Ghaeilge acu sa liosta teanga. Ar a bharr sin, is féidir uaireadóir iomlán le Gaeilge a bheith le fáil go digiteach.