Ainmniúchán IFTA don scannán is fearr faighte ag scannán Gaeilge

Tá cúig ainmniúchán faighte ag scannáin agus sraitheanna teilifíse Gaeilge do ghradaim IFTA na bliana seo

Ainmniúchán IFTA don scannán is fearr faighte ag scannán Gaeilge

Is é an scannán Song of Granite, faoin amhránaí clúiteach sean-nóis Joe Éinniú, is mó atá sa treis i measc na scannán Gaeilge ar ghearrliosta na ngradam IFTA a fógraíodh tráthnóna.

Tá trí ainmniúchán faighte ag an scannán, a choimisiúnaigh TG4. Tá Song of Granite ainmnithe sa rannóg don ‘Scannán Fada’ is fearr agus tá Richard Kendrick ainmnithe don duais cineamatagrafaíochta agus tá Tadhg O’Sullivan sa iomaíocht sa rannóg eagarthóireachta as a gcuid oibre ar an scannán a stiúir Pat Collins.

Tá ainmniúchán faighte ag An Béal Bocht, léiriú beochana ar úrscéal Myles na gCopaleen sa rannóg ‘Scannán Beochana’, agus é san iomaíocht leis na scannáin Angela’s Christmas, Departure agus Late Afternoon

Tá an scríbhneoir as Leitir Mealláin Antoine Ó Flatharta ainmnithe chomh maith do na duaiseanna agus ar an ngearrliosta do ghradam an scríbhneora scripte is fearr don tsraith teilifíse Grace Harte.

Ina theannta sin, tá ainmniúchán faighte ag fear Gaeltachta eile – an stiúrthóir as an gCeathrú Rua Robert Quinn. Tá Quinn, ainmnithe don dráma teilifíse Ackley Bridge.

Tá scannán Martin McDonagh, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, ar cheann de na saothair is mó a thuill ainmniúcháin do ghradaim IFTA 2018. Bhuaigh scannán McDonagh, arb as Leitir Mealláin i gConamara a athair, trí ghradam Golden Globe an tseachtain seo.

Fógrófar na buaiteoirí uile ag Searmanas Bronnta IFTA an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ainmniúchán IFTA don scannán is fearr faighte ag scannán Gaeilge'