Tá sé deimhnithe ag an iar-aire stáit Gaeltachta Pat the Cope Gallagher go bhfuil sé ag iarraidh seasamh sa chéad olltoghchán eile.
Tá coinbhinsiún le reáchtáil ag Fianna Fáil i nDún na nGall an mhí seo chugainn chun na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh don pháirtí sa chontae a roghnú agus tá sé deimhnithe ag Gallagher go bhfuil sé ag cur a ainm chun cinn.
Tá breis is dhá scór bliain caite ag Gallagher ag plé leis an bpolaitíocht. Toghadh é chun na Dála naoi n-uaire idir 1981 agus 2016 agus toghadh é chun na hEorpa faoi thrí le linn na tréimhse sin chomh maith, i 1994, i 1999 agus arís in 2009. Chaill Gallagher, a raibh dhá sheal aige mar aire stáit na Gaeltachta, a shuíochán in olltoghchán 2020.
Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Gallagher go ndearna sé an cinneadh an tseachtain seo ainmniúchán mar iarrthóir a lorg don chéad olltoghchán eile.
Dúirt Gallagher, arb as Ailt an Chorráin dó, nach raibh sé i gceist aige i gcónaí seasamh san olltoghchán ach gur ghlac sé an cinneadh mar gur mheas sé gur theastaigh ionadaí ó iarthar an chontae.
“Ar ndóigh, b’fhearr liomsa gan a bheith san áit ina bhfuil mé. Shíl mise go mbeadh daoine eile sa sean-dáilcheantar [Dún na nGall Thiar-Theas] ag dul san iomaíocht ach ní raibh éinne i dtoghcheanar na nGleanntach,” a dúirt Gallagher.
“Nuair a d’amharc mise thart agus ní raibh éinne againn sa toghcheantar seo, rinne mise suas m’intinn ansin dul san iomaíocht ionas go mbeadh mé in ann ionadaíocht a dhéanamh, má thoghtar mé, don chontae go léir agus don taobh seo tíre.”
Seisear atá ainmnithe chun dul os comhair choinbhinsiúin Fhianna Fáil sa chontae – an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue; an Seanadóir Niall Blaney; na comhairleoirí contae Dónal Mandy Kelly agus Michael Naughton; Ben Harkin agus Pat the Cope Gallagher.
Dúirt Gallagher go raibh súil aige go dtoghfaí an tAire McConalogue san olltoghchán agus go mbeadh seisean ag díriú ar an dara suíochán a bhuachan d’Fhianna Fail.
Dúirt sé gurb é a thuairim féin go bhfógrófaí olltoghchán tar éis d’fhógairt an Bhuiséid sa bhfómhar. Dúirt sé gur cheart an toghchán a bheith ann roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair ansin.
Agus é ag tagairt dá aois, dúirt Gallagher, atá 76 bliain d’aois, go raibh sé “chomh folláin le breac” agus go raibh 9,000km siúlta aige le cúig bliana anuas.
D’fhógair an t-iarAire Gaeltachta ó Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, Dé Céadaoin nach raibh sé chun seasamh sa chéad olltoghchán eile.
Fág freagra ar 'Ainmniúchán chun seasamh san olltoghchán d’Fhianna Fáil á lorg ag Pat the Cope Gallagher'