Ainmniúchán á lorg ag Seán Gallagher chun seasamh arís don uachtaránacht

Thug lucht fheachtas Gallagher, a tháinig sa dara háit i dtoghchán 2011, le fios ar maidin go bhfuil rún go n-ainmneofaí é curtha faoi bhráid 10 gcomhairle contae

Ainmniúchán á lorg ag Seán Gallagher chun seasamh arís don uachtaránacht

Tá fógartha ag an bhfear gnó Seán Gallagher go mbeidh ainmniúchán á lorg aige ó cheithre údarás áitiúil chun seasamh athuair d’uachtaránacht na hÉireann.

Thug lucht fheachtas an fhir ghnó le fios ar maidin go bhfuil rún go n-ainmneofaí Gallagher curtha faoi bhráid 10 gcomhairle contae ó inné.

Tháinig Gallagher sa dara háit i dtoghchán 2011 agus 500,000 vóta céad rogha aige. Bhain conspóid mhór leis an dochar a síleadh a rinneadh dó ar chlár díospóireachta teilifíse le linn an fheachtais.

Ghabh RTÉ leithscéal anuraidh le Gallagher agus íocadh cúiteamh suntasach leis mar gheall ar tvuít a léadh amach le linn an chláir díospóireachta a craoladh in 2011. Maíodh ar an gclár gur tháinig an tvuít ó chuntas a bhain le Martin McGuinness, iarrthóir Shinn Féin i dtoghchán na bliana sin.

Fógraíodh inné go raibh n t-ordú foirmeálta i dtaobh thoghchán uachtaránachta 2018 sínithe ag an Aire Tithíochta agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy agus is ar an Aoine an 26 Deireadh Fómhair a bheidh an toghchán ar siúl.

Fágann síniú an ordaithe sin go mbeidh 28 lá ag daoine ar spéis leo seasamh sa toghchán ainmniúchán a fháil chun dúshlán an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn a thabhairt. Tá go dtí an 26 Meán Fómhair ag daoine chun ainmniúchán a fháil. Déanfar an t-uachtarán nua a insealbhú ar an 11 Samhain.

Tá scata daoine á lua leis an dtoghchán, ina measc beirt ón nGaeltacht.

Tá ráite ag an bhfeisire Eorpach as Múscraí, Liadh Ní Riada, atá á lua mar iarrthóir Shinn Féin, gur onóir a bheadh ann seasamh don uachtaránacht.

Níl aon chinneadh déanta fós ag polaiteoir Gaeltachta eile a bhfuil suim léirithe aige sa toghchán, an Seanadóir neamhspleách agus fiontraí as an Spidéal, Pádraig Ó Céidigh.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív lena chomhghleacaithe nach bhfuil sé i gceist aige ainmniúchán a lorg ón bpáirtí do thoghchán na huachtaránachta. Chinn Fianna Fáil go dtacófaí leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn sa toghchán. Níl aon iarrthóir á chur chun tosaigh ach oiread ag Fine Gael.

I measc na ndaoine eile a bhfuil suim acu ainmniúchán a fháil tá an fear gnó agus caidreamh poiblí Gavin Duffy agus an Seanadóir Joan Freeman.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil Seán Gallagher, an fear gnó a tháinig sa dara háit i dtoghchán 2011, i mbun machnaimh ar sheasamh arís chomh maith.

Fág freagra ar 'Ainmniúchán á lorg ag Seán Gallagher chun seasamh arís don uachtaránacht'

  • Éadóchasach

    Ciall idir sinn agus an drochrud…