Ainmniúcháin Oscar go leor faighte ag ‘Martin Johnny Mhichael Choilm’

Tá seacht n-ainmniúchán Oscar faighte ag an scannán Three Billboards Outside Ebbing, Missouri

Ainmniúcháin Oscar go leor faighte ag ‘Martin Johnny Mhichael Choilm’

Tá seacht n-ainmniúchán Oscar faighte inniu ag an scannán is déanaí de chuid Martin McDonagh, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri.

Tá aithne mhaith ar Mhartin McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i Leitir Mealláin, baile dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha. Ón uair a bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama sa cheantar Gaeltachta agus chuaigh Conamara i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta. 

Is as contae Shligigh dá máthair, Mary. 

Foilsíodh liosta na n-ainmniúchán tráthnóna.

Tá ainmniúcháin faighte ag scannán McDonagh sna rannóga-  ‘An Scannán is fearr’, ‘An Script Scannáin Nua’, ‘Bunscór’ agus ‘Eagarthóireacht Scannáin’.

Tá triúr aisteoirí as an scannán, Frances McDormand, Sam Rockwell agus Woody Harrelson, ainmnithe chomh maith do na gradaim.

Bhuaigh Three Billboards Outside Ebbing, Missouri thrí ghradam ag ócáid an Screen Actors Guild níos luaithe an tseachtain seo, chomh maith le ceithre ghradam eile ag na Golden Globes ag tús na míosa.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin le Tuairisc.ie le déanaí gur údar mór bróid do mhuintir an cheantair gaiscí McDonagh.

Ainmníodh Saoirse Ronan sa rannóg ‘An tAisteoir mná is fearr i bPríomhpháirt’ dá saothar sa scannán grinn Lady Bird. Tá ceithre ainmniúchán Oscar faighte ag Ronan roimhe seo gan ceann a bhuachan ach tar éis di Golden Globe a bhuachan i mbliana, meastar go bhfuil an-seans aici.

I measc na nÉireannach eile atá ainmnithe, tá  Daniel Day Lewis, atá ainmnithe sa rannóg ‘Aisteoir is fearr’, an dearthóir feistis, Consolata Boyle agus luchtThe Breadwinner, saothar de chuid an Cartoon Saloon i gCill Chainnigh, atá ainmnithe i rannóg na scannán beochana.

Bronnfar na gradaim ar an 4 Márta.

Fág freagra ar 'Ainmniúcháin Oscar go leor faighte ag ‘Martin Johnny Mhichael Choilm’'