Ainm in airde ar pholaiteoirí áirithe

Tá Michael D. Higgins rófhada amuigh le go dtabharfadh sé aird ar dhaoine a bheadh ag magadh faoi, ach is cosúil go bhfuil buntáiste ag daoine arda sa bpolaitíocht

Tall

Bhíodh scéal acu thart anseo faoi fhear a chuaigh ag cuartaíocht go teach na comharsan. Tharla sé go raibh duine de chlann iníon an tí sin sa mbaile agus an fear a raibh cleamhnas déanta aice leis in éineacht léi. Nuair a chuaigh an lánúin óg amach ag spaisteoireacht, d’fhiafraigh fear an tí don chuairteoir cén chaoi ar thaithnigh an fear óg nua seo leis. “Mh’anam go bhfuil sé suáilceach”, arsa an chomharsa, “ach is é a locht a laghad”. Ní raibh mórán airde ná toirt sa bhfear óg. Bhí freagra sciobtha ag fear an tí air sin. “Ar ndóigh, a Pháraic” a deir sé “ní locht ar bith é sin”. Thuig Páraic ansin go raibh a chois curtha go basta aige ann.

Ar ndóigh, tá an dream atá ag caitheamh sáiteáin go poiblí leis an Uachtarán, Micheál D. Ó hUiginn faoin easpa airde agus fisiciúlacht colna atá ann as bealach go mór.

Níl fáil ag duine ar bith ar shocrú a dhéanamh faoin airde a bheidh ann ná an cholainn a bheidh faoi; is léir gur rud é a ritheann de réir nádúir an chuid is mo den am.

Gan a dhul an-domhain sa scéal, tagann daoine ar an saol le buanna éagsúla – buanna intinne, intleachtúla, colna, sláinte agus mar sin de. Ceart go leor tá daoine ann, go háiríthe lucht spóirt, a chuireann lena gcuid fisiciúlachta de bharr aclaíochta agus beatha théagartha agus, scaití, le cúnamh ábhair mídhleathacha. Ach sin scéal thairis.

“Mioltóg” é Michael D., a scairt léirseoir mímhúinte amach i mBaile Átha Cliath le gairid. Caint mhioltógach a bhí inti. Tógadh an ráiteas ar téip. Tá sé ar bharr a ngoibe ag na nuachtáin ó shin; creideann cuid acu go bhfuil an daonlathas i mbaol! Is dóigh go bhfuil Michael D. rófhada amuigh le go dtabharfadh sé aird ar an gcineál sin cainte.

Ach, dá mbeadh comhairle ag teastáil uaidh, d’fhéadfadh sé teagmháil a dhéanamh le William M. Bulger, Iar-Uachtarán ar an Seanad Stáit i Massachussets agus, mar a tharlaíonn sé, Céimí Onórach de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá iriseoir ar mór é a cháil sa Stát sin ar a dtugtar Howie Carr ag tabhairt “little midget” agus fiú “corrupt midget” ar William Bulger leis na blianta; níl aon mhéid i mBulger ach tá flúirseacht buanna aige thairis sin. De réir scéil, dúirt William Bulger le lucht bainistíochta an Boston Herald tráth nar mhiste leis cén caitheamh anuas a dhéanadh Howie Carr air ach gan a bheith ag tabhairt “midget” air!

Agus sroicheann na sáiteáin fhisiciúla an Teach Bán féin. Ba é Tip O’ Neill as Massachusetts an Cathaoirleach – Speaker – i dTithe na Comhdhála – i Meiriceá nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán. Ar ndóigh, ba Dhaonlathach é Tip O’ Neill agus thugadh sé iarraidh faoin Uachtarán Reagan ó am go chéile. Bhí airde mhór i Tip O’ Neill -sin dá ndéanfaí tomhais ar thimpeall a bhásta! Bhí Reagan é féin – fear ard agus ligthe – tráthúil.

“I keep fit by running twice around Tip O’ Neill every day,” a dúirt an tUachtarán am eicint a raibh O’ Neill ag spochadh air.

Ach an bhfuil bua, dáiríre, ag baint leis an bhfisiciúlacht agus an dathúlacht sa bpolaitíocht?

Tá staidéar déanta ar an gceist, agus pé ar de thimpiste é, no nach b’ea, is cosúil go bhfuil buntáiste ag daoine arda sa bpolaitíocht.

De réir taighde atá déanta i dTexas, tá claonadh fós i measc an phobail – claonadh atá ag dul siar na mílte bliain sa stair – duine láidir a cheapadh mar cheannasaí.

Mar shampla amháin, is ag an iarrthóir is airde a bhíonn an bua an chuid is mo den am i dtoghchán na hUachtaránachta i Meiricea.

Go deimhin, caithfidh iarrthóirí na hUachtaránachta a bheith ard go maith sna Státaí; bhí chuile Uachtarán ansin idir 5’11” agus 6’ 3” ó 1960 i leith.

Is ag na Meiriceánaigh a bhíonn na ceannairí is airde ar an meán, sin 6’0”. Ar an taobh seo den Atlantach tá meánairde de 5’ 10” ag ceannairí na Gearmáine agus na Breataine.

Sa bhFrainc, meán airde 5’ 9” a bhíonn sna ceannairí ansin.

Ní hiad na fir mhóra a bhaineann an fómhar i gcónaí. Bhí Josef Stalin 5’ 5”; bhí Mussolini 5’ 6” agus bhí Churchill sna sála aige – 5’6” freisin.

Fág freagra ar 'Ainm in airde ar pholaiteoirí áirithe'

  • Pádraic Harvey

    Midge = Míoltóg; Midget = ???? Feictear dom nach bhfuil aon fhocal ag focal.ie air!

  • Teaimín Ó Cualáin

    Tá ardmheas ag an gCathánach ar Mheiriceánaigh, tá siad tomhaiste go maith aige! Dollars, a bhuachaill!