Tá ainm i nGaeilge na hAlban tugtha ar dhineasár mór a aimsíodh ar oileán Gaeltachta in Albain cúig bliana ó shin.
Fuarthas iontaise dineasáir cois cladaigh ar an Oileán Sciathánach in 2017 agus, tar éis mionscrúdú a dhéanamh uirthi, deimhníodh gur cineál nua dineasáir atá inti.
Ainm Gàidhlig, Dearc sgiathanach, a tugadh ar an dineasár. Reiptíl a bhfuil sciatháin uirthi is brí leis an ainm. Tá ceangal freisin idir an t-ainm agus an áit ar aimsíodh an iontaise, Oileán Sciathánach amach ó chósta thiar na hAlban.
Teireasár, dineasár a bhí in ann eitilt, is ea Dearc sgiathanach. Meastar go raibh réise sciathán thart ar 2.5 méadar aige, chomh mór le halbatras. Ceaptar, mar sin, go raibh Dearc sgiathanach ar an teireasár is mó a bhí ann lena linn, thart ar 170 milliún bliain ó shin.
Welcome Dearc sgiathanach, our new species of pterosaur from the Middle Jurassic of the Isle of Skye, Scotland!
When it was flapping around the heads of dinosaurs 170 million years ago, it was the largest animal that had ever flow in Earth history (that we know of). pic.twitter.com/yR9tOojSGE— Steve Brusatte (@SteveBrusatte) February 22, 2022
Mac léinn PhD, Amelia Penny, a tháinig ar an iontaise ar thuras chuig an Oileán Sciathánach in 2017. Bhí an-chuid de chnámharlach an dineasáir tagtha slán agus thóg sé dhá iarracht an iontaise a ghearradh de chloch toisc gur tháinig an taoide isteach i lár na hoibre.
Tugadh an iontaise ansin go dtí Ollscoil Dhún Éideann, áit a ndearnadh scrúdú uirthi. Ba ansin a fuarthas amach nár aimsíodh an cineál seo dineasáir riamh roimhe sin.
Aimsíodh lorg dineasáir sa cheantar sin ar an Oileán Sciathánach roimhe seo ach seo í an chéad iontaise a aimsíodh.
Mí Dheireadh Fómhair seo caite, fógraíodh go raibh ainm Breatnaise tugtha ar dhineasár a aimsíodh sa Bhreatain Bheag sna 1950idí ach nár tuigeadh go dtí le gairid gur speiceas nua a bhí ann.
Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin
Scéal gleoite! Ar aimsíodh iarsma seanarrachta🦖 in Éirinn féin riaṁ?
Lavialegon
Ní dineasáir iad na teireasáir!!