Ainm ‘ceart’ Gaeilge gach baile i gCúige Mumhan tugtha i leabhar nua

Bailte agus Pearsain Chúige Mumhan is teideal don deichiú saothar ó pheann Bhreandáin Mhic Gearailt as Márthain in iarthar Duibhneach

Ainm ‘ceart’ Gaeilge gach baile i gCúige Mumhan tugtha i leabhar nua

Tá ainm ceart Gaeilge gach baile i gCúige Mumhan tugtha i leabhar nua ón údar agus iarpholaiteoir Breandán Mac Gearailt.

Bailte agus Pearsain Chúige Mumhan is teideal don saothar is déanaí ó pheann Mhic Gearailt arb as Márthain in iarthar Duibhneach dó.

Tá míniú tugtha ar na logainmneacha go léir sa leabhar agus luaitear chomh maith duine nó dhó ó na bailte gur ábhar inspéise iad.

“Leabhar é seo le aitheantas a thabhairt do logainmneacha gach contae i gCúige Mumhan, ag tosnú leis an mbaile is mó, agus as san síos. Nuair a fheiceann duine an leagan áiféiseach Béarla a bhíonn go minic ar bhaile, cuireann sé ag cuimhneamh é.  Is minic go bhfuil ainm baile luaite le Tiarna talún mar Blennerville nó Castlegregory. Is ábhar aisteach, mar shampla, go mbeadh an ainm Kill luaite le aon bhaile,” a deir an t-údar Breandán Mac Gearailt.

Tugtar sa leabhar chomh maith leagan coitianta Béarla agus míniú gairid i mBéarla chun go dtuigfeadh duine ar bheagán Gaeilge cad  é go díreach atá i gceist.

“I gcás gach baile, beagnach, luaitear duine nó dhó ón mbaile gur ábhar inspéise iad nó a thuill clú, go háirithe daoine nach mbeadh oiread san aithne ortha.

“Níl ach beagán ráite faoi dhaoine go bhfuil ard-aithne cheana orthu.

“Tá go leor ann fé imreoirí Chumann Lúthchleas Gael, fir agus mhná agus cár saolaíodh iad, leithéidí Danno Keeffe a saolaíodh i gCorcaigh ach gur do Chiarraí a d’imir – an chéad duine a ghnóthaigh seacht mbonn sinsir Éireann sa pheil. Sheas an churiarracht sin blianta.”

Seo an deichiú  leabhar atá scríofa ag Breandán Mac Gearailt. Is iad na leabhair eile uaidh, 2,000+ Ceist500 Mallacht Ort500 Beannacht Ort200+ TréannaAn Blas Muimhneach 1 agus An Blas Muimhneach 2Meascra, Seanfhocail gan Sárú agus Na Laochra Seo ‘Gainne.

Bailte agus Pearsain Chúige Mumhan ar fáil ó An Caifé Liteartha sa Daingean, (fón 066-9152204, comdhineoil@fiachdubh.com), ó An Siopa Leabhar i Sráid Fhearchair, BÁC, nó díreach ón bhfoilsitheoir, Coiscéim.

Fág freagra ar 'Ainm ‘ceart’ Gaeilge gach baile i gCúige Mumhan tugtha i leabhar nua'