Ainm Breatnaise tugtha ar iontaise dineasáir a aimsíodh sa Bhreatain Bheag

Cé go bhfuil beagnach trí scór bliain ann ó aimsíodh iontaisí an dineasáir i gcairéal ó thuaidh de Swansea, níor tuigeadh go dtí le gairid gur speiceas nár facthas cheana a bhí i gceist

Ainm Breatnaise tugtha ar iontaise dineasáir a aimsíodh sa Bhreatain Bheag

Ainm Breatnaise atá tugtha ar dhineasár a aimsíodh i gcairéal sa Bhreatain Bheag sna 1950idí.

Pendraig milnerae atá tugtha ar an dineasár. ‘Príomh-dhragan’ is brí le Pendraig sa Mheán-Bhreatnais. Is in ómós d’Angela Milner, iarchoimeádaí cúnta i Músaem Stair an Dúlra i Londain a bhásaigh mí Lúnasa, a cuireadh milnerae le hainm an dineasáir.

Cé go bhfuil sé beagnach trí scór bliain ó aimsíodh iontaisí an dineasáir i gcairéal ó thuaidh de Abertawe [Swansea], níor tuigeadh go dtí le gairid gur speiceas nua a bhí i gceist. Bhí iontaisí an dineasáir i Músaem Stair an Dúlra le blianta fada ach bhí siad amú go dtí gur aimsigh Angela Milner iad.

Tugadh Pendraig ar an dineasár mar go meastar go mbíodh sé ina phríomhchreachadóir ag an am. Ní raibh Pendraig milnerae mórán níos mó ná sicín de réir na n-iontaisí atá faighte, cé go ndeirtear go mbíodh eireaball mór fada air.

Ceaptar gur mhair an dineasár idir 200-215 milliún bliain ó shin ag deireadh na Tréimhse Triasaí. D’fhágfadh sin go mbeadh sé ar an saol i bhfad roimh leithéidí an Tyrannosaurus rex agus an Velociraptor.

Is é Pendraig milnerae an tríú cineál dineasáir a aimsíodh sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Ainm Breatnaise tugtha ar iontaise dineasáir a aimsíodh sa Bhreatain Bheag'

  • Rossa

    Brí an fhocail ‘Dinosaur’ ná ‘Earc Millteanach’ (terrible lizzard).