Aineolaithe ardcháilithe a bheidh againn d’uireasa na tíreolaíochta agus na staire

Níl sé ciallmhar ná cothrom go gceilfí fiúntas agus pléisiúr na tíreolaíochta agus na staire ar an nglúin óg arb í a gcinniúint íoc as peacaí a sinsear

Aineolaithe ardcháilithe a bheidh againn d’uireasa na tíreolaíochta agus na staire

Tá athdhearadh déanta ar chúrsaí oideachais ag an dara leibhéal chun daoine óga a ullmhú do dhomhan na nuálaíochta, na fiontraíochta, na n-algartam agus do shíorathrú na teicneolaíochta. Is breá é an t-athrú, bíogann sé an mheabhair agus an t-anam, ach ar chóir na suáilcí a scaoileadh le fána i dteannta na nduáilcí?

Beidh an Stair agus an Tíreolaíocht roghnach feasta ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí. Diabhal dochar é sin a déarfadh an liobrálach ach cá bhfágfaidh sé an scoil nach bhfuil aici ach cuóta teoranta múinteoirí agus daltaí agus cíocras chun Staire agus Tíreolaíochta ar chúpla duine acu? Caithfear an deis sin a cheilt ar na staraithe agus na tíreolaithe óga sin agus freastal ar an tromlach. Mar sin ní roghnach in aon chor a bheidh an t-ábhar sa scoil sin.

Níl lá nach bhfuil ábhar a bhaineann leis an Stair agus an Tíreolaíocht á phlé ag gach bord cistine sa tír – praghas an bhia agus an bhreosla, polaitíocht, imirce, cogaí, aeráid, téamh an domhain, scrios na timpeallachta, tionsclaíocht, feirmeoireacht, cúrsaí pleanála, ciníochas, díothú cultúir, acmhainní nádúrtha, tubaistí nádúrtha, roinnt na cumhachta agus an tsaibhris.

Tuiscint ar na próisis shóisialta, eacnamaíochta agus aiceanta a chruthaíonn an timpeallacht agus staidéar ar an duine agus a thionchar ar an timpeallacht sin atá sa Tíreolaíocht.

Taithí an duine ó tháinig ann dó agus an chaoi ar dhéileáil sé leis an saol ó shin atá sa Stair. Agus an scáthán sin ag duine ba cheart go bhféadfadh sé meabhair níos stuama a bhaint as an saol agus tuiscint níos fearr a bheith aige ar na cúiseanna go ndéanann daoine rudaí ar leith ag am faoi leith.

Nach minic ráite linn ‘an té a bhíonn ag magadh bíonn a leath faoi fhéin’ agus is mór é m’fhaitíos gur amhlaidh a bheas sa gcás seo. Údar suntais, iontais agus magaidh ag daoine go leor sa tír seo a aineolaí, a deirtear, atá pobal Shasana agus a gcuid polaiteoirí faoi chonarthaí idirnáisiúnta agus custam agus iarmhairtí na gcinntí polaitiúla a dhéanann siad nó a dhéantar ar a son. Agus seo linn mar chine á leanacht ceann ar aghaidh ar chosán an aineolais faoin saol mór.

Nach mairg a dhéanfadh dearmad ar an Stair a spreag daoine leis an gCómhargadh a thosú, na Náisiúin Aontaithe a bhunú, teorainn a chur ar an oileán seo, cead taistil a thabhairt idir Sasana agus Éirinn. An dteastaíonn uainn gur leagan claonta nó giotáin ar na meáin shóisialta a mhúinfidh Stair ár muintire dár sliocht agus gur ar chláracha urraithe taistil nó ó phacáistí saoire na n-óstán galánta a gheobhas siad tuiscint ar phobail eile an domhain? An amhlaidh gur furasta an dubh a chur ina gheal ar an aineolaí ardcháilithe? Cé a bhréagnóidh an bhréagnuacht gan scileanna fiosraithe ná taighde?

Déanann an staidéar ar an Stair agus an Tíreolaíocht scileanna taighde, réasúnaíochta, anailíse agus breithmheastóireachta a fhorbairt sna déagóirí óga ach níos luachmhaire ná sin tá dúshlán, pléisiúr agus sásamh le fáil as an bhfuinneog eile sin ar an domhan aoibhinn aisteach seo agus ar na créatúir ar fad a mhaireann ann.

Gan na bunscileanna sin is seasc maolaigeanta go maith a bheidh domhan leamh na róbat sa saol guagach a chruthaigh an duine atá i bhfad níos casta ná aon algartam.

Ar ndóigh má tá an oiread sin brú ar chlár ama scoileanna, d’fhéadfaí réimse na n-ábhar a chúngú agus iad a chónascadh agus a cheangal le scileanna riachtanacha an 21ú haois. Is cuimhin liom féin scéim phíolótach dá leithéid sna 1980idí i mBaile Átha Cliath ar éirigh go breá léi i measc na ndaltaí.

Níl sé ciallmhar ná cothrom go gceilfí fiúntas agus pléisiúr na n-ábhar seo ar an nglúin óg arb í a gcinniúint íoc as peacaí a sinsear.

Fág freagra ar 'Aineolaithe ardcháilithe a bheidh againn d’uireasa na tíreolaíochta agus na staire'

  • Darragh Ó Caoimh

    Tagaim le tuairimí an údair, ach tá rud amháin ná tuigim. Nuair a dheineas-sa an Teastas Sóisearach tá ceithre bliana ó shin ní raibh an stair ná an tíreolaíocht riachtanach in aon chor, cé gur roghnaíos féin iad. Tuigim gur ábhair éigeantacha iad i scoileanna áirithe ach mheasas i gcónaí gur féin scoil a bhí sé cinneadh a dhéanamh fé stádas na n-ábhar san. Mar sin, ní fheictear domsa gur athrú mór é, nó an bhfuil dul amú orm?