Áine Ní Bhreisleáin ar a compord sa chathaoir ar sheó siamsaíochta nua RnaG

Is léir ón chéad eagrán den chlár nua siamsaíochta Bladhaire go n-éireoidh leis an láithreoir Áine Ní Bhreisleáin agus a criú a lorg féin a fhágáil ar an gcuid thábhachtach seo den sceideal

Áine Ní Bhreisleáin ar a compord sa chathaoir ar sheó siamsaíochta nua RnaG

Ní furasta d’aon duine teacht san áit a mbíonn éisteoirí Raidió na Gaeltachta ag súil le Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir is cumasaí agus is radacaí atá ag an stáisiún Gaeilge.

Ach is léir ón chéad eagrán den chlár nua siamsaíochta Bladhaire go n-éireoidh leis an láithreoir Áine Ní Bhreisleáin agus a criú a lorg féin a fhágáil ar an chuid thábhachtach seo den sceideal.

Cuireadh tús breá ceolmhar le Bladhaire, a bheas á chraoladh beo ó stiúideo na nDoirí Beaga gach Déardaoin agus Aoine idir 3-5pm.

Píosa ceoil ón bhanna Niteworks, as Eilean Sgitheanach, agus seit tiúineanna agus amhrán breátha le Nell Ní Chróinín, Tara Breen agus Josephine Marsh, a bhí i mbun ceoil i stiúideo RTÉ i Luimneach, a chuir tús le himeachtaí.

Ba mhaith ann iad ó tharla an chaint a bheith go mór sa treis sa chuid eile den chlár. Thagair Áine Ní Bhreisleáin don díospóireacht a spreag ainm Bladhaire ach caithfear a bheith san airdeall nach bladhmaireacht a bheidh ar an chlár nua seo.

Is fada an t-achar dhá uair an chloig de chaint is de chomhrá san iarnóin go háirithe agus Tús Áite ag teacht sna sála air. Bhí Nuacht náisiúnta agus áitiúil ina lár istigh ag a ceathair, rud a chuir isteach ar rithim an chláir, b’fhéidir, ach rud nach bhfuil leigheas ag foireann léirithe Bladhaire air.

Bhí fadhbanna fuaime ag baint le dhá cheann de na hagallaimh sa chéad chlár, ach bhí ábhar siamsúil agus spéisiúil sa mhéid ar pléadh. Rinneadh iarracht mhór aíonna suimiúla a aimsiú i gcodanna éagsúla den domhan, Rennes na Fraince agus an tSeapáin san áireamh, agus labhair siad ar ábhair a bhí tráthúil.

Cúrsaí spóirt agus agallamh a bhí aici lena comhghleacaí deisbhéalach as Corca Dhuibhne, Dara Ó Cinnéide.

Bua mór atá ag Bladhaire ná an láithreoir féin, Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir cumasach nádúrtha atá ar a compord ina ról nua.

Dúirt sí le RTÉ an lá eile gur ‘beocht, úire agus greann’ atá mar sprioc aici le Bladhaire. Más ea, tús maith leath na hoibre.

Fág freagra ar 'Áine Ní Bhreisleáin ar a compord sa chathaoir ar sheó siamsaíochta nua RnaG'