Aindrias Ó Muineacháin ceaptha ar Bhord an Údaráis

Tá fáilte curtha roimh an gceapachán is deireanaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta. D'ainmnigh Comhairle Chontae Chorcaí Ó Muineacháin mar chomhalta i mí Mheán Fómhair seo caite

udaras_051-1024x681

Ceapadh Aindrias Ó Muineacháin, ainmní Chomhairle Contae Chorcaí, ina bhall de bhord Údarás na Gaeltachta inniu. Beidh sé ina bhall den bhord as seo go dtí 9 Feabhra 2017.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, tráthnóna go bhfuil áthas air a cheapachán a fhógairt inniu.

“Níl amhras ar bith orm ach go rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileann a léiríonn an comhalta go mór chun sochair d’Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta sna blianta amach romhainn,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

D’ainmnigh Comhairle Contae Chorcaí an Comhairleoir Ó Muineacháin (FF) i mí Mheán Fómhair seo caite don fholúntas boird ar tháinig ann dó dhá mhí ina dhiaidh sin i mí na Samhna.

Tá folúntas amháin fágtha anois ar bhord an Údaráis agus dúirt an tAire Gaeltachta go gcuirfeadh sé fáilte ar leith roimh mhná a bheadh ag iarraidh an folúntas sin a líonadh. Tá beirt bhan ar bhord an Údaráis faoi láthair agus duine acu, Anna Ní Ghallachóir, ina cathaoirleach air.