Aimsir níos teo fós geallta inniu agus amárach

Beidh sé te nó fíorthe ar fud na tíre arís inniu agus amárach agus an chuma ar an scéal nach bhfuil aon fhuarú i ndán d’Éirinn go dtí lár na seachtaine seo chugainn

Aimsir níos teo fós geallta inniu agus amárach

Pictiúr: Manuela Dei Grandi

Beidh an lá inniu níos teo ná an lá inné agus teocht os cionn 30 céim Celsius i gceantair intíre.

Meastar go bhféadfadh teocht chomh hard le 32 céim Celsius a bheith ann roimh dheireadh na seachtaine agus tá ráite ag Met Éireann go bhféadfadh go bhfeicfear an dara teocht is airde riamh in Éirinn. De réir na dtaifead, ba i gCill Chainnigh in 1887 a bhí an teocht is airde riamh in Éirinn, 33.3 céim Celsius.

31 céim Celsius an teocht is airde a bhí inné ann – ag Aerfort na Sionnaine ag 4.30pm.

Beidh an teocht idir 25 agus 28 céim Celsius ar an meán inniu agus dála an lae inné beidh leoithne farraige san iarthar tráthnóna, rud a fhágann go mbeidh sé níos fionnuaire ar thránna an chósta thiar.

Beidh an teocht ábhairín beag níos ísle san oirthear de bharr gaoth bhog anoir a bheith ag séideadh.

Beidh sé marbhánta thar oíche anocht agus an teocht is ísle a bheidh ann ná 14-16 céim Celsius.

Beidh sé te nó fíorthe ar fud na tíre arís amárach, Dé hAoine, agus an ghrian ag taitneamh gach áit. Idir 25-30 céim Celsius a bheidh an teocht tráthnóna amárach sa chuid is mó den tír, cé go mbeidh sé beagáinín níos fionnuaire ar an gcósta thoir mar a mbeidh leoithne úr ag séideadh.

Leanfaidh an triomach ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine, cé go mbeidh sé níos scamallaí san iarthar agus sa tuaisceart, áit a bhféadfadh sé braon a dhéanamh amach sa lá Dé Sathairn.

Mar sin féin, beidh sé fós an-te an lá sin agus an teocht i lár na bhfichidí in áiteanna i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean.

Maidir le tús na seachtaine seo chugainn, dúirt urlabhraí de chuid Met Éireann le Tuairisc.ie go raibh éiginnteacht áirithe go fóill ann, ach go bhfuil an chuma air faoi láthair go mbeidh sé grianmhar ach níos scamallaí.

Lá tirim a bheidh ann Dé Luain ach baol níos mó go mbeidh ceathanna beaga ann.

Beidh sé fós te Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn, ach d’fhéadfadh fuarú beag teacht ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Aimsir níos teo fós geallta inniu agus amárach'