Aimsir ‘dhúshlánach’ roimh Arramara Teo agus feamainn ag teastáil lena gcoinneáil slán i gConamara

Ní fios cén lear feamainne a thóg Arramara Teo anuraidh ach is léir go bhfuil an figiúr i bhfad Éireann níos ísle ná an sprioc a bhí luaite ag Arcadian Sea Plants as Ceanada nuair a cheannaigh siad an comhlacht

Aimsir ‘dhúshlánach’ roimh Arramara Teo agus feamainn ag teastáil lena gcoinneáil slán i gConamara

Tá an comhlacht Arramara Teo. i nGaeltacht Chonamara ag achainí ar lucht bainte feamainne ar an gcósta thiar soláthar seasta a chur isteach chucu ar mhaithe le bunchloch an chomhlachta a choinneáil slán sa gceantar.

Dúirt Ger Ó Fathaigh, Bainisteoir Acmhainní Arramara Teo, le Tuairisc gurb iad na bainteoirí crann taca thionscal na feamainne. Gan iadsan, níl gnó ar bith ann agus ní bheidh aon phostanna ann, a dúirt sé.

Tá fiach ar fheamainn in áiteacha taobh amuigh de Chonamara anois de bharr dreamanna breise a bheith gafa i mbun gnó na feamainne. Faigheann na dreamanna nua seo cuid den fheamainn a théadh go Arramara roimhe seo.

Tá Arramara Teo, a bhfuil a phríomhionad i gCill Chiaráin, ar cheann de na tionscail is faide atá bunaithe sa nGaeltacht. Thosaigh an gnó i 1947 agus tá an comhlacht – a raibh úinéirí éagsúla air – ar cheann de na deiseanna saothraithe airgid ab fhearr a bhí ag daoine cois cósta, i gConamara go háirithe, sna trí scór agus ceithre bliana ó shin i leith.

Dúirt Jim Keogh, comhairleoir sinsearach ag Arramara, gur fiú €10 milliún sa mbliain é an comhlacht feamainne d’eacnamaíocht Chonamara. Creideann Keogh go bhféadfaí 100 post eile a chur ar fáil dá leanfaí le múnlaí oibre an mháthairchomhlachta, Acadian Sea Plants, atá lonnaithe in Albain Nua ar chósta thoir Cheanada.

Ach, faoi láthair, tá gnóthaí praiticiúla le láimhsiú in Arramara Teo.

“Dúshlánach” a bhí cúrsaí ag an tionscal i gCill Chiaráin le bliain anuas, ó thaobh soláthar feamainne de, a deir Jim Keogh. Ba dheacair sruth seasta feamainne a fháil isteach ar uairibh agus b’éigean roinnt oibrithe a chur ar sheachtain ghiortaithe, rud atá ag tarlú faoi láthair.

Tá, ar a laghad, ceithre chúis leis an easpa soláthar dóthanach feamainne:

  • Líon teoranta bainteoirí agus deiseanna fostaíochta breise anois arís i dtionscal na tógála
  • Gan teacht ag bainteoirí ar chuid den fheamainn sa gcladach de bharr cúrsaí teidil agus úinéireachta.
  • Éiginnteacht faoin sruth soláthair – fuílleach amanta agus ganntanas amanta eile
  • Coimhlint ó chomhlachtaí breise atá tagtha isteach i ngnó na feamainne san iarthar agus san iarthuaisceart

Is léir go bhfuil an choimhlint ag cur brú an-mhór ar Arramara Teo. Tá dhá chomhlacht eile sa tóir ar fheamainn go rialta ar chósta an iarthair agus comhlacht eile ó thráth go chéile. “Caithfidh tú glacadh le coimhlint, ach tá ceisteanna eile le cur sa gcomhaireamh anseo i gConamara,” a deir Jim Keogh.

“Tá, mar shampla, saineolaí fostaithe againn go lán-aimseartha agus muid ag déanamh staidéir ar bhealaí le leas níos fearr a bhaint as an bhfeamainn. Ansin tá ceithre dhuine fhichead ag obair ar fhoireann an chomhlachta i gCill Chiaráin. Tá costais bhreise ansin atá le hiompar againn. Níl aon bhealach againn leis na costais sin a iompar ach go ndíolfadh na bainteoirí dóthain feamainne linn.”

Deir an tUasal Keogh nach bhfuil aon fheamainn a dhíoltar amach as Conamara ag cur tada breise le heacnamaíocht an cheantair. “Níl aon rud breise seachas an t-airgead a fhaigheann an bainteoir le feiceáil dá bharr in aice baile,” arsa seisean.

Ag cur leis sin, deir Ger Ó Fathaigh, an bainisteoir acmhainní, go gcaitheann Arramara go maith leis na bainteoirí ar bhealaí éagsúla. “Tá cúnamh tugtha againn le báid agus le bealaí nua bainte,” arsa seisean.

“Maidir le praghas na feamainne, tá €5 an tonna mar bhónas faoi láthair acu siúd a thugann isteach 20 tonna d’aon iarraidh amháin. Faigheann bainteoirí a thagann isteach faoi théarmaí na scéime sin €60 an tonna.”

Ní déarfadh Jim Keogh cén lear feamainne a thugadar isteach anuraidh – ar chúiseanna gnó – ach is léir go bhfuil an figiúr I bhfad Éireann níos ísle ná an sprioc a bhí luaite ag Arcadian Sea Plants as Ceanada nuair a cheannaigh siad Arramara seacht mbliana ó shin. Bhíothas ag caint ar sprioc 38,000 tonna sa mbliain an uair sin.

Chaith Acadian Sea Plants cúpla milliún euro ó shin ag cur cóir ar an monarcha agus ar sheirbhísí eile ach níl sé i gceist anois ionad do tháirgí breisluacha a thógáil, rud a bhí i gceist roimhe seo.

“Ní féidir drannadh le hiarracht mar sin faoi láthair,” a deir Jim Keogh.

“Chaithfeadh cinnteacht a bheith ann faoi sholáthar rialta feamainne. Níl muid sa mbád sin anois.”

Tá caitheamh ina dhiaidh sin ag Keogh. “Dá bhféadfadh muid a bheith forbartha leath chomh maith féin le Acadian in Albain Nua d’fheicfinn go mbeadh lear mór postanna breise i gConamara, dá bharr,” a deir sé. Deir sé go bhfuil cinnteacht faoi sholáthar seasta dóthanach riachtanach sula dtógfar céim ar bith eile.

Is fusa cúrsaí cladaigh a stiúradh in Albain Nua de bharr smacht a bheith ag an Stát ar chuile rud taobh thíos den snáth mara.

Tá an cás níos casta in Éirinn.

Shocraigh an tArd-Aighne anseo go raibh bunús le córas atá ag dul i bhfad siar a thugann cearta bainte feamainne do thionóntaí cois cósta sa gcladach áitiúil. Fiú agus nach bhfuil cuid mhaith acu ag baint na feamainne sin, ní scarann siad leis an bhfeamainn. Ba mhaith le Arramara Teo go ndéanfaí socruithe a d’fhágfadh go mbeadh fáil ag bainteoirí ar an bhfeamainn sin agus luach saothair ag na húinéirí aiste.

Rud é sin atá deacair a shocrú.

Idir an dá linn, tá comhlacht Arramara Teo ag iarraidh an trá fholamh a sheachaint.

Fág freagra ar 'Aimsir ‘dhúshlánach’ roimh Arramara Teo agus feamainn ag teastáil lena gcoinneáil slán i gConamara'