Aimsir bhreá don deireadh seachtaine fada ach ní haon tonn teasa eile é

Cé go mbeidh an teocht ag ardú, deir Met Éireann nach mbeidh aon chosúlacht idir an aimsir a bheas ann ag an deireadh seachtaine agus an tonn teasa a bhí ann le déanaí

Aimsir bhreá don deireadh seachtaine fada ach ní haon tonn teasa eile é

Beidh dea-aimsir arís ann an deireadh seachtaine seo ach ní haon tonn teasa eile atá ar an bhealach, de réir Met Éireann.

Meastar go mbeidh an teocht idir 22 agus 25 céim Celsius as seo go ceann cúig lá sna háiteanna is airde a bheidh sí.

I gceantair an oirthir agus isteach faoin tír a bheidh an chuid is fearr den dea-aimsir an deireadh seachtaine seo. 

Ar an iomlán, tá aimsir measartha te agus tirim geallta don deireadh seachtaine fada, cé go mbeidh baol ceathanna ann Dé hAoine agus Dé Luain.

Bog agus tais a bheidh an oíche anocht, Déardaoin, den chuid is mó.

Beidh an mhaidin marbhánta amárach, Dé hAoine, go háirithe in áiteanna i lár tíre agus i gcúige Laighean, ach glanfaidh sé ar fud na tíre amach sa lá.

Lá ciúin tirim atá geallta Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, cé go mbeidh sé scamallach in áiteanna agus go bhféadfadh ceathanna a bheith ann sa tuaisceart. Idir 19 agus 23 céim Celsius a bheidh an teocht is airde.

Leanfaidh an aimsir the Dé Luain agus déanfaidh sé lá tirim sa chuid is mó den tír.

Cé go n-ardóidh an teocht ag an deireadh seachtaine, dúirt urlabhraí ó Met Éireann le Tuairisc.ie, nach mbeidh “an teocht i bhfad níos lú” ná mar a bhí le linn an tonn teasa a bhí ann níos túisce an samhradh seo.

Fág freagra ar 'Aimsir bhreá don deireadh seachtaine fada ach ní haon tonn teasa eile é'