‘Áilleacht ar leith ag baint le mná na hÉireann’

Chas Sara Ní Chuireáin ar an ealaíontóir smididh Charlotte Tilbury a bhfuil cuid de réalta móra an domhain mar chliaint aici.

Sara agus Charlotte
Comhfhreagraí faisin Tuairisc.ie, Sara Ní Chuireáin agus an t-ealaíontóir smididh Charlotte Tilbury

Tá áilleacht ar leith ag baint le mná na hÉireann.

Sin an léirmheas a thug Charlotte Tilbury, an saineolaí mór le rá ar smideadh a bhfuil cuid de na réalta is fearr aithne ar domhan mar chliaint aici, nuair a chas mé léi i mBaile Átha Cliath le gairid.

Agus is liosta le háireamh iad na cliaint chéanna sin – Kate Moss, Jennifer Lopez, Kim Kardashian, Jennifer Aniston agus Naomi Campbell gan ach an beagán beag acu a lua.

Bhí Charlotte Tilbury ar cuairt anseo d’ócáid seolta réimse nua d’earraí smididh atá curtha ar an margadh aici agus a bhfuil fáil orthu i Brown Thomas ar Shráid Grafton agus ar líne.

I siopa Selfridges sa Bhreatain amháin a bhí fáil ar na táirgí seo roimhe seo.

“Feictear dom go ndéanann mná na hÉireann chuile dhícheall go deo agus go gcuireann siad a gcroíthe isteach ina n-iarrachtaí le breathnú go hálainn” a dúirt sí liom.

Ach mar a dhéanfadh bean mhargaíochta mhaith ar bith, dúirt sí freisin go mbeadh cabhair bhreise don áilleacht sin le fáil sna táirgí atá á dtairiscint aicise.

Cé nach mbeadh ainm Charlotte Tilbury i mbéal an phobail sa tír seo, níl dabht ar bith ach go mbeadh toradh a saothar i mbun smididh feicthe go rialta ar chlúdach na n-irisí móra faisin, ina measc Vogue, Vanity Fair, Harper’s Bazaar agus W. Is uirthi a chuireann réalta na scannán, an cheoil agus saol an fhaisin fios nuair atá ócáid mhór nó fótaisheisiún tábhacht acu.

Tá cóiriú nó pacáistiú spéisiúil déanta ar na táirgí áilleachta aici agus iad roinnte faoi 10 gcinn de cheannteidil éagsúla, ina measc The Rock Chick, The Golden Goddess, The Uptown Girl, The Rebel agus The Dolce Vita. D’fhéadfadh daoine a rogha íomhánna a athchruthú ag brath ar a mianta féin nó ar an giúmar a bhí orthu ón mbailiúchán smididh (luisneach, béaldath, mascára, línitheoir súl, folaitheoir, scáthú súl, etc.) atá i ngach pacáiste ar leith acu.

Sa bhreis air sin, tá réimse d’earraí cúram cnis ar an margadh aici, ina measc táirge a mhaítear a bheith ina uachtar draíochta – Charlotte’s Magic Cream – a choinníonn cuma óigeanta agus álainn ort agus a bhfuil ardéileamh ag mainicíní air i gcian is i gcóngar.

Rún daingean is ea an meascán comhábhair san uachtar speisialta seo nach fios d’aon duine ach lucht a dhéanta cé go n-admhaítear go bhfuil blátholaí agus táirgí nádúrtha eile ann.

Níl amhras ar bith ach gur ambasadóir ceart do ghnó an smididh í; “Give a woman the right make-up and she can conquer the world” an mana atá aici.

Thaitin a cuairt ar Bhaile Átha Cliath go mór léi: “I’ve had such an amazing time…” a dúirt sí lena 59,000 leantóir ar twitter.

Tá a cuid táirgí ar fáil anseo anois ach rabhadh amháin – níl siad saor!

 

 

Fág freagra ar '‘Áilleacht ar leith ag baint le mná na hÉireann’'