Aighneas cúirte idir seodóirí Gaeltachta faoi chóipcheart seoda

Maíonn Brian de Staic, an seodóir mór le rá as an Daingean, go bhfuil gnó nua ar an mbaile sin atá ag díol táirgí atá cosúil le seoda an ‘Ogham Stone Collection’ a chruthaigh sé féin

Aighneas cúirte idir seodóirí Gaeltachta faoi chóipcheart seoda

Tá urghaire cúirte á lorg ag an seodóir is aitheanta sa Ghaeltacht chun stop a chur le beirt iarfhostaithe dá chuid a mhaíonn sé atá ag cur táirgí ar fáil ar cosúil iad le cuid de na seoda atá á ndéanamh aige féin le 40 bliain.

Dar le Brian de Staic an seodóir mór le rá atá lonnaithe sa Daingean i gCiarraí go bhfuil gnó nua ar an mbaile sin atá ag díol táirgí atá cosúil le seoda an ‘Ogham Stone Collection’ a chruthaigh sé féin.

Tá urghaire á lorg san Ard-Chúirt ag de Staic chun cosc a chur ar AJ Baicéir Teoranta, a bhíonn ag trádáil mar Dingle Goldsmiths, a bheith ag díol táirgí faoin ainm Ogham Stone Collection, rud a líomhnaíonn sé atá ina shárú ar a chóipcheart féin.

Dúradh sa chúirt nár ghlac AJ Baicéir Teoranta leis an líomhain go raibh aithris á déanamh acu ar shaothar de Staic.

Tá an dá shiopa ar an tsráid chéanna sa Daingean, Sráid na Faiche.

Ceadaíodh sa chúirt inné go dtabharfaí gearrfhógra do AJ Baicéir Teoranta go raibh tús á chur le próiseas urghaire agus éistfear an cás arís an tseachtain seo chugainn.   

Tá cáil mhór ar shaothar Bhriain de Staic a bhunaigh a ghnó sa Daingean in 1981. Iarfhostaithe dá chuid iad Jerry agus Aideen Báicéir, stiúrthóirí an tsiopa nua a osclaíodh anuraidh.

Fág freagra ar 'Aighneas cúirte idir seodóirí Gaeltachta faoi chóipcheart seoda'