Aifreann na nAingeal ar an gCeathrú Rua amárach do bhuachaill óg a bhásaigh go tragóideach

Ag 2pm Dé Sathairn a léifear Aifreann na nAingeal do Chillian Ó Cualáin i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara

seipeal mhic dara

Léifear Dé Sathairn i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua Aifreann na nAingeal do Chillian Ó Cualáin, an buachaill beag, 21 mí, a bhásaigh go tragóideach ar an gCeathrú Rua Dé Céadaoin.

Bhásaigh sé de bharr timpiste chairr ar shráid a thí féin i gCladhnach ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Mac é le Máirtín Neidín agus Máire Rós Uí Chualáin. Beidh sé á thórramh ina theach cónaithe i gCladhnach tráthnóna inniu idir 5pm agus 9pm. Cuirfear Cillian i Reilig Chladhnach i ndiaidh an aifrinn a thosóidh ag 2pm.

Maireann a bheirt tuismitheoirí, a dheirfiúr Áine, a sheantuismitheoirí, agus gaolta eile.

Fág freagra ar 'Aifreann na nAingeal ar an gCeathrú Rua amárach do bhuachaill óg a bhásaigh go tragóideach'